Eitic agus Dearbhú Leasa

Eitic agus Dearbhú Leasa

Faoin Acht Rialtais Áitiúil 2001, tá foráil déanta i gcomhair ghníomhú fhrámaíocht eiticiúil laistigh de rialtas áitiúil. Tá clár a bhfuil rochtain ag an bpobal air san áireamh ann.

Cur i bhFeidhm na Frámaíochta nua Eitice

D’éiligh cur i bhfeidhm na frámaíochta nua eitice, do bhaill agus d’fhostaithe cuí, atá i bhfeidhm ó 1 Eanáir 2003, d’éiligh sé ar údaráis áitiúla roinnt bheart a dhéanamh. Go háirithe, bhí ar na húdaráis áitiúla nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun déileáil leis na córais a bhaineann leis an dearbhú bliantúil a dhéanann baill tofa agus fostaithe cuí; agus ina theannta sin bhí orthu riachtanais fhaisnéisithe an Achta le haghaidh ball tofa agus fostaithe cuí a chur i bhfeidhm maidir le cúrsaí a éiríonn ó am go ham a bhfuil leas tairbhiúil ag na daoine sin iontu.

Tá dualgais an chláraitheoir eitice bronnta ag Comhairle Contae Phort Láirge faoi láthair do Bhridget Coakley, Oifigeach Riaracháin, ar Ordú Bhainisteoir an Chontae, faoi Alt 173 den Acht. Ní féidir le diúlach amháin post an chláraitheoir eitice a ghlacadh do níos mó na dhá bhliain. Tá an cláraitheoir eitice freagrach as ceist na bhfoirmeacha dearbhaithe bliantúla do chomhairleoirí agus fostaithe cuí.

An Clár Eitice

Cuirfear clár poiblí leasa le chéile tógtha ó dhearbhuithe bliantúla agus beidh sé seo ar fáil i gcomhair iniúchta phoiblí tar éis dheireadh mhí Feabhra, 2003.

Fostaithe cuí

Glaotar “fostaithe cuí” orthu siúd a bhfuil feidhm Cuid 15 acu. Is iad seo:

• Gach fostaí a bhfuil post acu, a bhfuil uastuarastal ag an bpost nach lú ná uastuarastal reatha innealtóra fheidhmeannaigh shinsearaigh.
• Gach fostaí eile a ndáiltear freagrachtaí orthu, a bhfuil baint acu le feidhmeanna faoin Acht Pleanála agus Forbraíochta 2000, agus a bhfuil uastuarastal ag an bpost nach lú ná uastuarastal reatha Oifigeach Foirne Sinsearach (Grád 6), nó a bhfuil cáilíochtaí a bpoist go hiomlán nó cuid de proifisiúnta nó teicniúil.
• Aon fhostaí nó duine eile a bhfuil post acu ceaptha ar ordú an bhainisteora faoi S167.

Tá brí an téarma “fostaí cuí” sínithe ag Comhairle Contae Phort Láirge, ar ordú Bhainisteoir an Chontae, chun a bhfuil a leanas a chur san áireamh:

• Aon phost, a bhfuil a cháilíochtaí go hiomlán nó cuid de proifisiúnta nó teicniúil.
• Aon phost le scála tuarastail níos mó ná nó cothrom le hOifigeach Foirne Sinsearach.

Ionadú Fhorálacha Acht Pleanála

Ionadaíonn Cuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil 2001, agus é i bhfeidhm ó 1 Eanáir 2003, ionadaíonn sé na forálacha atá i gCuid VII den Acht Pleanála agus Forbraíochta 2000, mar a bhaineann sé le dearbhú/nochtú bhaill agus fhoireann údarás áitiúil. Seasfaidh, áfach, aon dearbhú á riar faoin Acht Pleanála sin (nó faoin sean-Acht Pleanála, 1976), go dtí go hionadaítear dearbhaithe faoi Chuid 15 iad.

Príomhghnéithe Chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil 2001

• Ní mór do bhaill agus fostaithe cuí dearbhú leasa bliantúil a chur ar fáil.
• Riarann gach aon údarás áitiúil clár poiblí dá leithéidí de leasa.
• Ní mór do bhall aon leagáid airgid nó leas tairbheach eile a bheadh aige/aici nó ag “duine bainteach” a nochtú mar a bhaineann sé le haon ábhar a gcuirtear os comhair cruinnithe, agus ní mór d’fhostaí cuí déanamh amhlaidh i gcás aon ábhair a bhfuil baint aige/aici leis i rith a c(h)uid oibre.
• Tá cosc ar bhall nó ar fhostaí cuí féachaint chun tionchar a bheith acu ar aon ábhar a bhaineann leis an údarás áitiúil ina bhfuil leas tairbheach acu nó ag duine bainteach ann.
• Tá an fhreagracht ag oifigeach (“cláraitheoir eitice”), bronnta ag bainisteoir, ar eisiúint fhoirmeacha dearbhaithe bliantúla agus ábhair bhainteacha.
• Tá sé de dhualgas ar bhaill agus fostaithe cloí le caighdeáin chearta ionracais, iompair agus cúraim do leas an phobail.
• Cosc ar féachaint chun, nó chun aon táille nó a leithéid a fháil nó a ghlacadh, i gcomhair aon rud déanta nó nach bhfuil déanta de thairbhe feidhmeannais nó réime.
• Tá cóid iompair, ceann do bhaill agus ceann d’fhoireann, eisithe ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil.
• Is cion é faillí i gcomhlíonadh dearbhaithe bhliantúil nó riachtanais nochtaithe faoin Acht.
• Iarrtar ar bhainisteoir (nó Méara i gcás bainisteora) atá ar an eolas faoi shárú féideartha de Chuid 15, iarrtar air/uirthi féachaint cén gníomh atá le déanamh.

Teagmháil

Bridget Coakley
Comhairle Contae Phort Láirge
Oifigí Cathartha
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge

Guthán: (058) 21128
Ríomhphost: bcoakley@waterfordcoco.ie

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit