Ráiteas Príobháideachais
Tá ráiteas príobháideachais ullmhaithe ag Comhairle Contae Phort Láirge chun tiomantas diongbháilte na heagraíochta chun an phríobháideachais a léiriú. Míníonn an ráiteas na cleachtais bhailiúchán agus scaipeadh eolais mar a bhaineann sé le sonraí ar ár suíomhanna idirlín uile.
Cén t-eolas a bhailímid?
Is féidir linn an t-eolas seo a leanas a bhailiú ó gach úsáideoir den suíomh:
1. Eolas staitistiúil (seoladh IP agus óstainm, leagan brabhsálaí srl.)
2. Téarmaí cuardaigh a úsáidtear.
3. Eolas eile a aighnítear i bhfoirmeacha.
Go ginearálta, ní féidir an t-eolas seo a úsáid chun tú a aithint. Úsáidfimid é chun anailísiú a dhéanamh ar phatrúin úsáide, chun muid a threorú i dtreo an suíomh a fheabhsú. Go sonrach, ní chuirfear aon eolas a bhailítear ar aghaidh go dtí aon ghnó nó eagraíocht eile.
Agus foirmeacha á chomhlíonadh agat, d’fhéadfaí eolas pearsanta ar nós ainm agus seolta srl. a iarraidh ort. Ní féidir tú a aithint go pearsanta ach amháin nuair a chuireann tú an saghas seo eolais ar fáil. Is féidir an t-eolas seo a bhailiú:
- chun d'iarratas i gcomhair eolais nó seirbhísí a chomhlíonadh.
- mar ionchur chun ár suíomh a fheabhsú.
- mar chuid den phróiseas comhairliúcháin.
Chun slándáil do chuntais ar líne inár réimse ePayments a chinntiú, úsáidimid fianáin chun cinntiú go gcaomhnaítear slándáil, trí "fhuadach" do shainiúlachta ar líne a chosc (féach thíos le haghaidh breis eolais faoi fhianáin). Is é an t-aon phíosa eolais amháin a stóráiltear san fhianán ná cód eochrach ar féidir ár bhfreastalaí a úsáid le linn na cuairte reatha amháin chun do shainiúlacht ar líne a dheimhniú. Éiríonn an fianán do-úsáidte nuair a logáileann an t-úsáideoir amach nó tar éis 20 noiméad de neamhghníomhaíocht ar ár suíomh.
Cosaint sonraí
Coimeádfar aon sonraí pearsanta a thugann tú dúinn de réir na bprionsabal cosanta sonraí a leagtar amach san Acht um Chosaint Sonraí (Leasú) 2003, san Acht um Chosaint Sonraí 1988, san Acht um Thráchtáil Leictreonach 2000, agus i reachtaíocht bhainteach eile de chuid an AE agus Rialtas na hÉireann.
Tá breis eolais maidir le cearta cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh idirlín Choimisinéara Cosanta Sonraí na hÉireann, www.dataprivacy.ie Coimeádtar faoi rún sainiúlacht gach duine a dhéanann teagmháil linn tríd an suíomh idirlín seo: ní ligimid ar cíos, ní dhíolaimid, nó ní malartaímid liostaí seoltaí, agus ní nochtaimid a leithéid d'eolas do thríú páirtithe ar aon mhodh eile ach oiread, ach amháin nuair a éilíonn an dlí air seo a dhéanamh, nó trí chomhoibriú deonach le húdaráis chur i bhfeidhm an dlí, nuair a shocraímid go bhfuil a leithéid de chomhoibriú riachtanach chun dul i ngleic le calaois nó coiriúlacht eile.
Ní stóráilimid aon taifead de do chárta creidmheasa nó uimhir léasair. Aistrítear aon sonraí cárta creidmheasa nó dochair go díreach ó do ríomhaire go dtí freastalaí ár gcomhpháirtithe seirbhísí cárta thar cheangal slán criptithe. Is iad ár gcomhpháirtithe seirbhísí cárta ná an Bord Seirbhísí Ríomhaireachta Rialtais Áitiúil (BSRRA) agus RealEx.
Naisc go dtí suíomhanna eile
I dtreo an méid eolais agus is féidir a dhéanamh níos fusa le haimsiú, tá naisc ar ár suíomhanna go dtí inneachar le húdaráis áitiúla, gníomhaireachtaí rialtais, comhlachtaí agus eagraíochtaí eile, óstáilte ag na grúpaí sin. Nílimidne freagrach as inneachar nó cleachtaí príobháideachais suíomhanna idirlín eile. Tá gach nasc go dtí suíomh idirlín seachtrach inaitheanta go soiléir. Ní dhéanann Comhairle Contae Phort Láirge aon ghealltanais nó moltaí maidir leis an gcaighdeán de sheirbhísí atá curtha ar fáil ag grúpaí ar leis na suíomhanna idirlín a nascaimid chucu.
Slándáil
Tá bearta slándála i bhfeidhm ar ár suíomhanna idirlín chun cosaint a dhéanamh ar chailliúint, mí-úsáid agus athrú an eolais faoinár gcúram. Ní féidir a rá, áfach, go mbíonn aon seachadadh sonraí thar an idirlíon 100% slán, ach is é ár polasaí ná cinntiú go gcloíonn ár gcóras slándala leis an gcaighdeán is airde.
Gluais de théarmaí teicniúla a baineadh úsáid astu:
Brabhsálaí gréasáin
An píosa bogearraí a úsáideann tú chun leathanaigh idirlín a léamh. Is samplacha iad Internet Explorer, Mozilla Firefox, Netscape agus Opera.
Seoladh IP
Na sonraí aitheantais do do ríomhaire (nó ríomhaire an chomhlachta idirlín a bhfuil tú ag déileáil leis), a léirítear i gcód "prótacail idirlín" (mar shampla, 192.168.72.34). Tá seoladh IP sainiúil ag gach ríomhaire ceangailte leis an ngréasán, fiú go bhfuil seans nach mbeadh an seoladh céanna i gceist gach uair a ndéantar ceangal.
Fianáin
Glaotar fianáin ar na haitheantóirí alfa-uimhriúla a aistrímid go dtí do thiomántán crua trí do bhrabhsálaí gréasáin. Cuireann siad seo ar chumas ár gcóras do bhrabhsálaí a aithint agus slándáil a chur ar fáil fad is atá tú ag dul isteach i d'eolas cuntais ePayment ar líne.
Séanadh
Ní bheidh Comhairle Contae Phort Láirge freagrach, nó ní bheidh a cuid Comhairleoirí, treoraithe, fostaithe, seirbhíseach, gníomhaithe, ball agus ionadaithe eile, agus a máthairchomhlachtaí agus fochomhlachtaí, ní bheidh siad freagrach as éilimh, éigeandálaí, cúiseanna gníomhartha, damáistí, cailliúintí, costais, teorainneacha san áireamh, táillí dlí réasúnta, agus costais imeachtaí a éiríonn as nó a bhfuil baint acu le húsáid nó scaipeadh eolais phríobháidigh a bhaineann leatsa de réir an pholasaí phríobháideachais seo agus do chomhthola.
Leasuithe
Coimeádann Comhairle Contae Phort Láirge an ceart faoina rogha aonair an ráiteas príobháideachais seo a leasú ag aon uair, agus ba cheart duit an ráiteas príobháideachais a sheiceáil le haghaidh aon leasuithe.
Teagmháil a Dhéanamh leis an Suíomh Idirlín
Má tá aon cheisteanna agat maidir leis an ráiteas príobháideachais seo, nó cleachtais slándála ár suíomhanna idirlín, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le countysec@waterfordcoco.ie