Cáipéisí a Íoslódáil

Gach uair a úsáidimid nasc go dtí cáipéis, imlínimid iad seo a leanas:

• An saghas cáipéise atá i gceist: MS Word, .fdi (.pdf) nó MS Excel
• Méid an chomhaid i kb

Cabhróidh an t-eolas seo leat cinntiú ar mhaith leat an comhad a íoslódáil go dtí do ríomhaire féin.

Agaí Íoslódála Garbha
Léirítear gach aga íoslódála i kb.
Le móideim 56 kBps (móideim baile diailchaoi tipiciúil):

  • Tógfaidh 50 kb thart ar 7 soicind le híoslódáil.
  • Tógfaidh 100 kb thart ar 14 shoicind le híoslódáil.
  • Tógfaidh 200 kb thart ar 28 soicind agus mar sin de.

Deacrachtaí Comhaid a Íoslódáil
Má tá fadhbanna agat comhad a íoslódáil ónár suíomh bain triail as seo a leanas:

  • Deaschliceáil ar an nasc go dtí an comhad.
  • Roghnaigh "Sábháil Sprioc Mar."
  • Sábháil an Comhad go dtí do Ríomhaire.

Ansin is féidir leat an foilseachán a oscailt ón láthair mar a bhfuil sé sábháilte agat.

Comhaid a Léamh
Is féidir le formhór daoine Comhaid Mhicrosoft Word a léamh. Chun inneachar a léamh atá íoslódáilte agat mar .fdi (.pdf), caithfidh tú cóip a bheith agat de bhogearraí ar leith darb ainm Adobe Acrobat Reader. Is féidir leat na bogarraí a íoslódáil anseo – Íoslódáil Adobe Acrobat Reader.
Bainimidne úsáid as comhaid .fdi (.pdf) le déanamh cinnte go bhfaigheann tusa an cháipéis le leagan amach sainiúil – mar shampla foirmeacha nó tuairiscí mar a bhfuil an leagan amach tábhachtach; ach cuirimid rogha MS Word ar fáil i gcónaí toisc nach bhfuil comhaid .fdi (.pdf) soléite i gcónaí do dhaoine lagamhairc.

Chun teacht ar cháipéisí .fdi (.pdf) más rud é go bhfuil míchumas amhairc ort, féach an leathanach rochtana Adobe Acrobat.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit