|
County Waterford, Ireland
|
||
| You are here: Baile > Pobal > An Fóram Pobail | ||
An Fóram PobailBunaíodh Fóram Pobail Chontae Phort Láirge in Eanáir 2001, ag Bord Forbartha an Chontae.Tá Comhordaitheoir páirtaimseartha Fhóram Pobail ag Fóram Pobail Phort Láirge, a oibríonn óna n-oifig sna hOifigí Cathartha, Dún Garbhán. Cabhraíonn Pobal agus Fiontar ag Comhairle Chontae Phort Láirge leis an bhFóram -- cuireann sé seo tacú airgeadais ar fail. Uaireanta Oscailte Cad é an Fóram Pobail? Bunaíodh an Fóram Pobail i 2001 chun cinntiú go ndéantar ionadaíocht do ghuth an phobail agus na hearnáile deonaí i bhforbairt eacnamaíochta, sóisialta agus chultúrtha an chontae. Is eagraíocht neamh-pholaitiúil é a chuireann ar chumas eagraíochtaí pobail agus deonacha ar fud an chontae ábhair agus ceisteanna a chur in iúl atá bainteach le forbairt a bpobal. Is é atá ann ná líonra grúpaí agus eagraíochtaí a bhfuil sé de chuspóir acu naisc a thógáil, téigh i gcomhairle agus a bheith imithe i gcomhairle leo mar gheall ar thopaicí a bhaineann le forbairt Chontae Phort Láirge. Gníomhaínn sé mar chlár oibre chun eolas a mhalartú, taithí a roinnt agus chun obair le chéile. Déanann 270+ grúpa cláraithe ball suas an líonra seo, ag déanamh ionadaíocht ar shuimeanna forleithne. Tá fáilte roimh gach grúpa pobail, deonach agus forbartha áitiúla atá i dteideal clárú mar bhaill den Fhóram Pobail ina dtoghcheantar. |
||
| Add | Edit | ||