Ullmhú le haghaidh d'Agallaimh

Léigh a bhfuil a leanas le do thoil:

  • Ba chóir duit na cáilíochtaí agus sonraí a léamh go cúramach roimh chur isteach ar an bpost; d’fhéadfadh sé am agus costas a shábháil ort ó fhreastal ar agallamh.
  • Is sna foirmeacha iarratais a gheobhaidh an bord agallaimh a chéad chló díot. Do dheis atá ann tú féin a chur i láthair go dearfach. Scríobh go soiléir agus go hinléite, agus, nuair is féidir, clóscríobh isteach ar an bhfoirm iarratais.
  • Bí sonrach agus do "chur síos poist" á chomhlíonadh agat. Is cóir duit imprisean maith a dhéanamh díot féin, ach bí cinnte gan áibhéil a dhéanamh nó an iomarca eolais a chur ar fáil.
  • Dírigh ar na heochairscileanna a bheidh de dhíth ort don bpost agus déan iarracht iad a aibhsiú sa bhealach a chomhlíonann tú an fhoirm iarratais.
  • Déan do chuid taighde chun taithí a fháil ar an eagraíocht
  • Déan cinnte go léann tú na heochaircháipéisí, mar shampla – an Tuarascáil Bhliantúil, an Plean Corparáideach agus an Plean Forbartha Contae.
  • Fiafraigh na saincheisteanna a imrítear ar Rialtas Áitiúil trí bheith ar an eolas faoi na meáin náisiúnta agus áitiúla i gcomhair aon ailt chuí.
  • Déan pleanáil ar do thuras. Déan cinnte dearfach d'am agus ionad d'agallaimh. Déan cinnte go bhfuil treoracha soiléire agat. Má tá moill ort, déan teagmháil leis an Rannóg Acmhainní Daonna chun iad a chur ar an eolas.
  • Léiriú maith ar thiomantas agus suim sa phost/eagraíocht is ea é má tá tú dea-ullmhaithe ó thaobh taighde de.

Tar éis an Agallaimh -- Cad a Bheith ag Súil leis

Tugann an bord agallaimh moladh don Bhainisteoir Contae maidir leis an bpost fógartha bunaithe ar fheidhmiúchán ag an agallamh.

D'fhéadfadh an bord agallaimh painéal a chruthú ag brath ar an méid daoine a mheasann siad bheith cáilithe don phost. Má chruthaítear painéal, úsáidfear é seo chun poist oiriúnacha sa todhchaí a líonadh sa Chomhairle Contae le linn saolré an phainéil, a mhaireann thart ar bliain ó dháta an agallaimh.

Déanfaidh an Rannóg Acmhainní Daonna teagmháil i scríbhinn leis na hiarrthóirí chomh luath agus is féidir tar éis an agallaimh chun iad a chur ar an eolas faoina dtoradh. Ní polasaí Chomhairle Contae Phort Láirge é torthaí a thabhairt ar an nguthán ach amháin má tá aithne ag an gComhairle ar an duine chun rúndacht an aonaránaigh a chosaint. Braitheann tairiscintí foirmiúla fostaíochta ar teistiméireachtaí sásúla a fháil agus i gcásanna áirithe, measúnú sláinte. Ón uair a thugtar tairiscint le haghaidh fostaíochta, bítear ag súil leis go mbeadh an t-iarrthóir rathúil ag obair ar a dhéanaí mí amháin ón tairiscint.

Tabhair faoi Deara -- Stocaireacht

Is féidir stocaireacht le do chomhairleoir áitiúil nó TD chun ionadaíocht a dhéanamh ar son d’iarratais tú a dhícháiliú go huathoibríoch ón gcomórtas.
wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit