Suíomh na nOifigí

Cá bhfuil na hOifigí Suite?

Oifigí Cathartha Chomhairle Contae Phort Láirge

Má tá tú ag taisteal ar iompar poiblí, stopann na seirbhísí bus ó Phort Láirge agus Chorcaigh go han-ghar do na hOifigí Cathartha.

Má tú ag taisteal sa charr ó threo Phort Láirge, lean na comharthaí bóithre go dtí Dún Garbhán. Tá timpeallán tráchta beag ann nuair a thagann tú isteach go Dún Garbhán, tóg an dara héalú, ag an gcéad timpeallán eile, tóg an dara héalú. Rachaidh tú thar abhainn (Abhainn Choilligeáin) agus feicfidh tú na hOifigí Cathartha ar thaobh na láimhe clé (foirgneamh mór bán). Tóg an chéad éalú ag an timpeallán sin agus tá carrchlós ar fáil láithreach bonn ar thaobh na láimhe clé. Ó threo Chorcaí, lean ar an N25 (seachbhóthar) tar éis teacht isteach go Dún Garbhán. Ag timpeallán amháin feicfidh tú bialann McDonalds agus siopa Lidl. Tóg tiontú ar dheis ag an gcéad timpeallán eile agus tá carrchlós ar fáil láithreach bonn ar thaobh na láimhe clé.

Siúil de chois an bhóthair go dtí na hOifigí Cathartha, téigh thar an oifig Mhótarcháin ar thaobh na láimhe clé. Sa phríomhfhoirgneamh, tá an seomra agallaimh ar an tríú hurlár trasna an tsiúlshlí ón ardaitheoir.

Waterford County Council Civic Offices Google Map


View Waterford County Council Civic Offices in a larger map (opens in a new window)

Suíomhanna Eile

Cé go gcuirtear gach agallamh ar siúl sna hOifigí Cathartha, tá oifigí ar fud an Chontae. Ag brath ar an bpost a chuirtear isteach air, tá na suíomhanna seo a leanas mar chuid de Chomhairle Contae Phort Láirge.

  • Oifigí Cathartha an Leasa Mhóir
  • Oifigí Cathartha na Trá Móire
  • Oifig Cheantair Choill Mhic Thomáisín
  • Oifig Cheantair Phort Lách
  • Leabharlanna Craoibhe
Add | Edit|Direct Edit