Traenáil agus Forbairt Foirne

Tá an Chomhairle Contae tiomanta chun an tseirbhís chomh maith agus is féidir a chur ar fáil dár gcustaiméirí. Tá sé mar chuid den tiomantas sin rochtain ar thraenáil agus breisoideachas a thairiscint don bhfoireann.
Tá traenáil agus forbairt foirne leanúnach tábhachtach chun an leibhéal feidhmíochta agus éifeachtachta a fheabhsú agus dá thoradh cabhraíonn sé leis an eagraíocht a aidhmeanna agus cuspóirí a bhaint amach.
Aithníonn Comhairle Contae Phort Láirge gur eochairacmhainn iad a fhoireann agus soláthraíonn sé deiseanna traenála dá bhaill fhoirne chun cabhrú leo a n-eolas agus scileanna a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt. Is féidir traenáil agus forbairt na foirne a chur i gcrích ar an láthair, ag cúrsaí inmheánacha nó ag cúrsaí a chuireann áisíneachtaí seachtracha traenála gairmiúla.

Spreagann agus cabhraíonn an Chomhairle Contae leis an bhfoireann leas a bhaint as bhreisoideachas oiriúnach ag gach céim de do ghairm bheatha.

Soláthraíonn an Chomhairle Contae roinnt slite chun an chuspóir a bhaint amach: saoire staidéir, saoire scrúdaithe agus cúnamh airgeadúil i gcomhair táillí cúrsaí a mbeadh ar fáil má théann tú le breisoideachas.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit