Ár Seirbhís Chartlainne

Anseo gheobhaidh tú sonraí faoi sheirbhís Chartlainne an Chontae, cnuasaigh a choimeádtar sa Chartlann agus aon Cheardlanna faoi Stair Áitiúil a bheadh á rith.
"Cartlann Chontae Phort Láirge a chosaint, a chaomhnú agus a chur ar fáil."
Cuireadh Seirbhís Chartlann Chontae Phort Láirge ar fáil don phobal i Meitheamh 1998. Coimeádann Cartlann an Chontae taifid de chuid údarás áitiúil i gContae Phort Láirge, idir iarúdaráis agus údaráis reatha, chomh maith le cnuasaigh phríobháideacha a bhaineann le Contae Phort Láirge.

Cuairt a Thabhairt ar an gCartlann

Cuireann Cartlann an Chontae fáilte roimh chuairteoirí go dtí an Cartlann agus cuirfidh Cartlannaí an Chontae agus an fhoireann gach cabhair ar féidir leo ar fáil chun taifid a aithint a bheadh suimiúil duit i gcomhair do chuid taighde. Ní féidir leis an bhfoireann, áfach, taighde a dhéanamh ar do shon.
Is féidir le baill den phobal féachaint ar an gcartlann agus taighde a dhéanamh de réir na ndlíthe leagtha síos ag an gcartlannaí chun sábháilteacht na gcartlann a chinntiú.

Uaireanta Oscailte
An Mháirt 10 r.n. – 10 i.n.
An Aoine 1 i.n. – 5 i.n.

Is féidir cuairteanna a dhéanamh ar Chartlann an Chontae ag amanna eile ach coinne a dhéanamh leis an gcartlannaí.

Teagmháil a Dhéanamh Linn

Leabharlann Dhún Garbhán
Cé Dáibhéid
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Guthán: 058 23673
Ríomhphost: archivist@waterfordcoco.ie

Teacht Anseo

Le carr: Tá Dún Garbhán suite idir Cathair Chorcaí agus Cathair Phort Láirge ar an N25.
Níl aon pháirceáil ar fáil díreach lasmuigh d’fhoirgneamh na Leabharlainne ach tá páirceáil ar fáil i gcóngar.
Le hiompar poiblí: Tá seirbhís bhus ar fáil ón mBusáras i mBaile Átha Cliath go dtí Dún Garbhán. Nascann seirbhís thraenach ó Bhaile Átha Cliath go dtí Cathair Phort Láirge le seirbhís ardmhinicíochta bhus idir Port Láirge agus Dún Garbhán. Tá bus ardmhinicíochta chomh maith idir Corcaigh agus Dún Garbhán.

24 Ean 2012 - Seimineár ar an gCanónach de Paor

Chun saol an Chanónach a cheiliúradh, beidh seimineár ar siúl in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge, Cathair Phort Láirge ar an Déardaoin, 8 Márta

Tá cathú orainn, ach níl an t-ábhar seo ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair.

09 Jan 2012 - Julian Walton Dunhill Lecture Series

Julian Walton's Winter Lecture Series will be running at Dunhill Multi-Education Centre from Thursday 12th January at 8pm until Thursday 1st March.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit