Cartlanna do Scoileanna

Is foinse phríomha é cartlann. Tá siad ina n-acmhainn luachmhar agus is féidir leo feabhas a chur ar ár dtuiscint faoi imeachtaí agus dhaoine ón stair. Is foinsí príomha iad cuntais sa chéad phearsa ar imeachtaí sa stair. Go minic baineann na tréithe seo leo:

  • Ní fhoilsítear iad go minic agus is féidir leo peirspictíocht úr a thabhairt ar imeachtaí sa stair.
  • Cuireann siad léargas áitiúil nó aonaránacha ar fáil faoi imeachtaí sa stair.
  • Cuireann siad eolas no fianaise ar fáil nach bhfuil fáil air in áit ar bith eile.
  • Níl aon tionchar ag imeachtaí nár tharla fós orthu.

Cuairt a Thabhairt ar an gCartlann

Is féidir le cartlanna a bheith deacair léamh, mionsonraithe agus sainiúil -- agus is fiú iarracht a dhéanamh a bheith ag plé leo chun druidim isteach ar dhaoine agus imeachtaí na haimsire caite.

Agus tú ag úsáid cartlanna i dtionscadal tá sé tábhachtach go leor ama a thógáil chun taighde ceart a dhéanamh ar na taifid. Tosaigh amach le roinnt foinsí tánaisteacha a léamh chomh maith le leabhair a scríobhadh faoi ábhar an tionscadail. Tabharfaidh sé seo roinnt eolais bhreise duit a chabhróidh leat nuair a bheidh an taighde féin idir lámha agat.

Nuair atá an taighde tánaisteach nó cúlra déanta agat, is féidir leat cuairt a thabhairt ar do chartlann áitiúil agus seiceáil trí na háiseanna cuardaigh. Liostaí is ea iad seo a shonraíonn agus a chuireann síos ar na cnuasaigh atá le fáil sa tseirbhís. Is féidir leat, uaidh seo, na taifid a aithint a bhfuil an t-eolas atá ag teastáil uait ar fáil iontu agus is féidir leat, ansin, iarradh na taifid seo a fheiceáil.

Ná déan dearmad: Buntaifid is ea cartlanna agus mar sin tóg aire! agus lean treoir an chartlannaí agus tú ag plé leo.
Is féidir leat na taifid a úsáidtear i do thionscadal a aithint ach an cód a úsáid a chuireann na liostaí tuairisciúla ar fáil laistigh den tseirbhís chartlainne. Chun teacht ar thuilleadh eolais faoi conas cartlanna a úsáid i scoileanna seiceáil amach www.learnaboutarchives.ie

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit