|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > An Chartlann > Cnuasaigh Chartlainne | ||
Cnuasaigh ChartlainneCuireann taifid fianaise ar fáil dár saolta agus cuireann siad síos ar ár gcultúr. Tugann siad cuntas soiléir ar na hathruithe a tharla inár sochaí agus ar na patrúin a tharla athuair agus athuair eile. Is trí staidéar a dhéanamh ar thaifid na haimsire caite gur féidir linn céim a thógáil ar ais agus dearcadh nua b’fhéidir a chumadh don todhchaí. Is trí chartlanna a chaomhnófar stair agus féiniúlacht chultúrtha mhuintir Chontae Phort Láirge don lá atá inniu ann agus do ghlúine amach romhainn. Oibríonn Cartlann an Chontae chun cnuasaigh chartlann a chaomhnú a bhaineann le stair agus forbairt stairiúil Chontae Phort Láirge. Is í cuspóir na Cartlainne ní hamháin déanamh cinnte go gcaomhnófar na taifid, ach chomh maith na taifid seo a chur ar fáil do thaighdeoirí sa Chontae agus lasmuigh de. Caomhnítear agus cuirtear ar fáil taifid an riaracháin aitiúil tríd an Seirbhís Chartlann agus bailíonn Cartlann an Chontae cnuasaigh pháipéar príobháideach chomh maith a bhain le heastáit, gnóthaí agus eagraíochtaí a chuir le forbairt an Chontae. |
||
| Add | Edit | ||