|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > An Chartlann > Cnuasaigh Chartlainne > Cnuasach an Ard-Ghiúiré | ||
Cnuasach an Ard-GhiúiréBhunaigh John, Rí na Sasanach agus “Tiarna na hÉireann,” Contae Phort Láirge faoi eascaire ríoga sa 13ú haois. Ón 17ú haois ar aghaidh tosaíodh ar fheidhmeanna a thabhairt don Ard-Ghiúiré lasmuigh de riarachán dlí agus thosaigh baint a bheith aige le soláthar bóithre agus droichead agus le bailiúchán “cess” (cáin) an Chontae, an cáin a gearradh chun íoc as na hoibreacha seo. Tugadh isteach ceart vótála teoranta chomh maith agus cuireadh toghcháin ar siúl do bhallraíocht an Ard-Ghiúiré. Is féidir teacht ar shonraí reachtaíocht an chirt vótála seo sa chnuasach (GJ/30). De réir a chéile chruach siad feidhmeanna eile. Faoi thosach na 19ú aoise bhí siad freagrach as réimse leathan oibreacha agus seirbhísí, a chuimsigh bóithre agus droichid, tithe gealt, otharlanna contaetha agus ospidéil fhiabhrais, íoclanna, tithe cúirte agus carcracha. Is í an tréimhse seo, an 19ú haois, a shonraíonn an cnuasach.
Aistríodh cumhachtaí is dualgais riaracháin na n-Ard-Ghiúiréithe go dtí Comhairlí Contaetha agus Comhairlí Ceantar Tuath ag an Acht Rialtais Aitiúil (Éire), 1898. Is acmhainn luachmhar í cartlanna an Ard-Ghiúiré mar cuireann siad fianais ar fáil faoi thosach infreastruchtúr an chontae, mar atá sé anois. Tógadh go leor de bhóithre, de dhroichid agus de chéanna a mbaintear úsáid astu fós sa lá atá inniu ann faoi choimirce an Ard-Ghiúiré. Cuireann na taifid seo fianais ar fáil freisin faoi thógáil iarnród an Chontae, nach mbaintear feidhm as go leor dóibh a thuilleadh. Tugann cuntais an Ard-Ghiúiré (GJ/21-25) léargas dúinn ar dála sóisialta an ama sin, le hiontrálacha, mar shampla, mar gheall ar íocaíochtaí a rinneadh as cothabháil agus as iompar príosúnach. Is féidir teacht ar thaifid cosúil leis an taifead seo i measc Chomhairlí Contaetha eile in Éirinn. Liosta ARD-GHIÚIRÉ (word .doc, 69 kbs) |
||
| Add | Edit | ||