|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > An Chartlann > Cnuasaigh Chartlainne > Cnuasach Chomhairle Baile Dhún Garbhán | ||
Cnuasach Chomhairle Baile Dhún GarbhánTá stair fhada rialtais aitiúil ag Dún Garbhán. Tagraíonn Acht Parlaiminte a reáchtáileadh faoi Edward IV i Loch Garman i 1463 go dtí "Portreeve agus Cimín Bhaile Dhún Garbhán." Ar 4 Eanáir 1609 nó 1610 bhronn James I cairt ar Dhún Garbhán a luaigh gur cheart go mbeadh bardas ann laistigh den bhuirg a chuimseodh ardcheannasach, bráithre agus saorbhuirgéisigh. Faoi dheireadh na 17ú aoise, áfach, dealraíonn sé go raibh bardas Dhún Garbhán imithe as feidhm. Sonraíonn na Leabhair na Miontuairiscí don tréimhse 1855-1900 obair na gCoimisinéirí Baile; taifeadaíonn siad na feabhsúcháin a rinneadh ar bhaile Dhún Garbhán, obair na gCoimisinéirí mar údarás cuain agus feidhmeanna na gCoimisinéirí Baile mar údarás sláintíoch faoin Acht um Shláinte Phoiblí 1874. Phléigh na Coimisinéirí le, agus mhaoirsigh siad, cothabháil na mbóithre, an chuain, na margaí, na n-oibreacha uisce agus na dtithe ceardaithe faoin Acht um Thithíocht Lucht Oibre 1890. Tar éis an Acht Rialtais Áitiúil (Éire) 1898, sonraíonn Leabhair na Miontuairiscí obair Chomhairle Cheantair Uirbigh Dhún Garbhán. Tá sé spéisiúil tabhairt faoi deara gur úsáideadh an Leabhar miontuairiscí céanna (UDC/1/8) chun cruinnithe deireanacha Choimisinéirí Bhaile Dhún Garbhán a thaifeadadh agus le casadh leathanaigh úsáideadh é chun na chéad chruinnithe de Chomhairle Cheantair Uirbigh Dhún Garbhán a thaifeadadh. Is taifead gan chuntas iad miontuairiscí Choimisinéirí Bhaile Dhún Garbhán agus Chomhairle Cheantair Uirbigh Dhún Garbhán do bhaile Dhún Garbhán féin. Is féidir forbairt an bhaile faoin dá riarachán a rianú agus tá taifead soiléir déanta ar fhás an bhaile. Tá taifead déanta, chomh maith, ar imeachtaí a bhfuil tábhacht áitiúil, náisiúnta nó idirnáisiúnta ag baint leo. Tá taifead déanta laistigh le leathanaigh Leabhair na Miontuairiscí ar na tarrthálacha laochúla agus cailliúintí tragóideacha ar an bhfarraige. Rinneadh taifead ar theifigh Bheilgeacha a bheith i láthair i nDún Garbhán i gcaitheamh an Chéad Chogaidh Dhomhanda sna miontuairiscí (UDC/1/11) agus reáchtáileadh ceolchoirm ar son na mBeilgeach sa Halla Baile i nDún Garbhán ar an Luan 7 Nollaig 1914. Rinneadh taifead ar dhílseacht na Comhairle Ceantair Uirbigh do Dháil Éireann i miontuairiscí Chomhairle Cheantair Uirbigh Dhún Garbhán. Rinneadh taifead ar ghabháil Phádraig Uí Fhaoláin, comhairleoir ceantair uirbigh, ag na Sasanaigh (UDC/1/12). Thacaigh an Chomhairle Cheantair Uirbigh le seasamh an Uasail de Valera neodracht na hÉireann a chaomhnú i gcaitheamh an Dara Chogaidh Dhomhanda. Tá taifead déanta sna miontuairiscí ar chuairt ag Méara Chicago Mheiriceá go dtí Dún Garbhán i 1964 (UDC/1/19). Ní mhaireann ach beagán seachas na Leabhair Mhiontuairiscí do Choimisinéirí Bhaile Dhún Garbhán agus do thaifid na gCoimisinéirí Baile agus tá seans gur cailleadh an Bardas níos luaithe nuair a dhíol an Diúc Devonshire an seanfhoirgneamh margaidh i Sráid Pharnell Íochtarach i 1861. Is féidir teacht ar thaifid a bhaineann le Bardas Dhún Garbhán i measc páipéar an Leasa Mhóir agus Chatsworth mar gheall ar an dlúthchaidreamh a bhí ann idir an Bardas agus na diúic Devonshire. Scriosadh breis taifead mar gheall ar Choimisinéirí Baile Dhún Garbhán agus laethanta luatha Chomhairle Cheantair Uirbigh Dhún Garbhán sna 1950í i gcaitheamh glantacháin ródhíograisigh de Halla an Bhaile i Sráid Agaistín. Tá roinnt chomhad luath, áfach, chomh maith le léarscáileanna, i measc na dtaifead a caomhnaíodh sa Halla Baile, a aistríodh ansin go dtí Seirbhís Chartlainne Chontae Phort Láirge. I 1990 tháinig Músaem Dhún Garbhán i seilbh ar pháipéir John Hunt ó Theach Radharc an Chuain, Baile na Cúirte, Dún Garbhán, a bhí mar dhlíodóir don údarás áitiúil i nDún Garbhán ó c. 1870-c. 1920 agus tá siad seo ar fáil do thaighdeoirí ag Músaem Dhún Garbhán sa Seanhalla Baile i Sráid Agaistín. Le haghaidh staire níos mionsonraithe faoi Bhardas Dhún Garbhán, Coimisinéirí Baile Dhún Garbhán, féilire de na miontuairiscí ó 1855-1950 agus sonraí de thaifid bhreise mar gheall ar rialtas áitiúil agus forbairtí i nDún Garbhán féach A Calendar of the Minutes and Records of Dungarvan Town Commissioners and Urban District Council 1855-1950 le William Fraher, 1991 (LSHBNF 352.04191, Leabharlann Chontae Phort Láirge). Brú anseo le haghaidh Chatalóg na Leabharlainne. Féilire gan chuntas is ea é toisc go dtiomsaíonn sé cur síos sonraithe ar na miontuairiscí a chuireann ar chumas duine cuardach tapa a dhéanamh le haghaidh eolais. Cuimsíonn sé chomh maith an t-aon taifead a mhaireann d'imleabhar UDC/1/6 don tréimhse 16 Aibreán 1883-27 Meitheamh 1888 nach bhfuarthas i measc an abáir a bhí curtha i mboscaí agus aistrithe go dtí an Stóras Cartlainne ón Seanhalla Baile. |
||
| Add | Edit | ||