Cnuasach na bPáipéar Príobháideach -- Chearnley, Hugh Ryan

Tiomsaíonn Cartlann an Chontae roinnt chnuasach páipéar príobháideach. Tá na páipéir Chearnley ina measc seo, a théann ar ais go dtí 1671-1915 agus a bhaineann le clanna Mhusgrave agus Chearnley a bhí ina gcónaí i Salterbridge, barúntacht Choshmore agus Choshbride, Contae Phort Láirge.

Deontas ó Richard Musgrave, gíománach dá mhac Richard de thailte i Woortly, paróiste de chuid Leeds i Yorkshire Shasana (PP/CHLY/1). Cliceáil anseo chun an íomhá a mhéadú.

Tiomsaíonn an chartlann, chomh maith, páipéir Hugh Ryan – staraí áitiúil agus scoláire. Tiomsaíonn na páipéir paimfléid pholaitíochta a bhaineann le náisiúnachas Éireannach ó 1900-1960 chomh maith le taifid a bhaineann le suirbhé de leaca uaighe i reilig Mothel i bparóiste Mhothel agus Rathgormack a rinne an tUasal Hugh Ryan agus a foilsíodh in imleabhair 38-42 de Decies.

Paimfléad a d'eisigh Cumann na mBan a d'iarr ar mhná na hÉireann vótáil ar son Sinn Féin uair an chéad olltoghcháin eile, 1919 (PP/HRYN/7). Cliceáil anseo chun an íomhá a mhéadú.

Cuirfear cnuasaigh bhreise de thaifid eastáit, ghnó agus phríobháideacha a bhaineann le Contae Phort Láirge ar fáil don phobal fad is atá Cartlann an Chontae ag déanamh forleathnaithe ar a cuid chnuasach.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit