|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > An Chartlann > Cnuasaigh Chartlainne > Cnuasach na gComhairlí Ceantair Tuaithe | ||
Cnuasach na gComhairlí Ceantair TuaitheBunaíodh Comhairlí Ceantair Tuaithe faoin Acht Rialtais Áitiúil (Éire) 1898. Chuir an tAcht seo na hArd-Ghiúiréithe ar ceal agus chuir sé Comhairlí Contae agus Comhairlí Ceantair Tuaithe ann ina n-áit. Ghlac na Comhairlí Ceantair Tuaithe orthu féin cuid de na feidhmeanna bóithre agus oibreacha poiblí a bhain leis na hArd-Ghiúiréithe tráth, mar gheall ar an limistéar áitiúil a raibh siad freagrach as. Rinne Acht 1898 atheagrú chomh maith ar fheidhmeanna na mBord Bardachta. D'éirigh na Comhairlí Ceantair Tuaithe freagrach as feidhmeanna sláintíocha na mBord Bardachta sna ceantair thuaithe agus d'éirigh siad freagrach chomh maith as soláthar tithíochta i gceantair thuaithe. Brú anseo chun breathnú ar Chíos Teachín Oibrí. Ní raibh na comhairlí ceantair tuaithe ann i bhfad. Faoin Rialtas Saorstáit atheagraíodh rialtas áitiúil in Éirinn mar iarracht méid na n-údarás éagsúil a bhí freagrach as seirbhísí a laghdú. Faoin Acht Rialtais Áitiúil 1925, cuireadh na Comhairlí Ceantair Thuaithe féin ar ceal agus aistríodh a ndualgais go dtí na Comhairlí Contae. Taifead áitiúil luachmhar is ea miontuairiscí na gComhairlí Ceantair Tuaithe den tréimhse 1899-1925 nuair a tháinig forbairt agus feabhas ar shláintíocht agus sláinte phoiblí. Pléadh imeachtaí ag na cruinnithe de thábhacht áitiúil agus náisiúnta. Is féidir teacht ar eolas maidir leis na Comhairlí Ceantair Tuaithe agus an bogadh i dtreo rialtas áitiúil a atheagrú i 1925 i Local Government in Ireland le
|
||
| Add | Edit | ||