Cnuasach Thithe na mBocht/na mBord Bardachta

Bunaíodh na Boird Bhardachta faoi Acht Dhlí na mBocht 1838. Roinn an tAcht seo an tír i gcúpla Aontas Dhlí na mBocht a raibh ag gach ceann acu Bord Bardachta agus Teach na mBocht. Bhí ceithre aontas dhlí na mbocht ag Contae Phort Láirge: Dún Garbhán, Coill Mhic Thomáisín, Lios Mór agus Port Láirge. Úinéirí áitiúla talún ab iad baill an Bhoird Bhardachta. Tugadh an fhreagracht do na Boird Bhardachta as an "leas sóisialta" agus sláinte phoiblí na ndaoine laistigh den aontas dhlí na mbocht.

Achomharc ó íocóirí Thulach an Iarainn le haghaidh theach cónaithe dochtúra sa bhaile (BG/LISM/90). Brú ar an íomhá chun í a mhéadú.

Coimeádann Cartlann an Chontae miontuairiscí chruinnithe na mBord Bardachta. Ag tosach na gcruinnithe a reáchtáileadh gach seachtain tá staitisticí líonta isteach a shonraíonn méid agus catagóirí na ndaoine a admháileadh agus a fuair bás i dTeach na mBocht. Tá sé seo spéisiúil ar ndóigh chun torthaí an Ghorta go háitiúil a dhéanamh amach. Cuireann na miontuairiscí eolas ar fáil chomh maith ar an mbia a itheadh i dTeach na mBocht agus an modh inar chaith an lucht cónaithe a chuid laethanta. Chomh maith leis seo, cuireann na miontuairiscí eolas ar fáil faoi bhristeacha amach galair sa cheantar agus imeachtaí a chuaigh i bhfeidhm ar an gceantar.

Ní mhaireann Cláir Thithe na mBocht nó ar a laghad níor thángthas orthu go dtí seo agus mar sin níl aon taifead ann ar ligean isteach go dtí gach ceann de

Thithe na mBocht.

Cuireadh na Boird Bhardachta agus córas Thithe na mBocht ar ceal i 1919/1920.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit