Cnuasaigh Chomhairle Contae Phort Láirge

Atheagraíodh Rialtas Áitiúil in Éirinn faoin Acht Rialtais Aitiúil (Éire) 1898. Cuireadh na hArd-Ghiúiréithe a bhí ann ón 13ú haois ar ceal i gContae Phort Láirge agus cuireadh Comhairlí Contaetha agus Comhairlí Ceantar Tuath ann ina n-áit.

Faoi chóras na nArd-Ghiúiréithe bhí ceart vótála teoranta ann a d’fhág gur smachtaigh mionlach beag an rialtas áitúil. Faoin Acht Rialtais Áitiúil (Éire) 1898 scoir na hArd-Ghiúiréithe de bheith ann agus ghlac Comhairle Contae Phort Láirge a gcúraimí ón Ard-Ghiúiré. D’fhág leathnú seo an chirt votála gur thoghadh réimse níos leithne de phobal Phort Láirge baill na Comhairle Contae. I 1898 b’ionann na toghthóirí áitiúla agus na toghthóirí parlaiminteacha chomh maith le mná is piaraí. Ba iad úinéirí réadmhaoine na toghthóirí áitiúla, ba iad áititheoirí réadmhaoine a d’íoc rátaí go díreach nó tríd an úinéir talún chomh maith le cíos, nó ba iad lóistéirí a d’íoc níos mó cíosa ná £10 sa bhliain. Brú anseo le haghaidh sampla ó chlár toghthóirí Choill Mhic Thomáisín.

Tháinig Comhairle Contae Phort Láirge le chéile go raithiúil sna laethanta luatha agus mar a mhéadaigh gnó na Comhairle, bhí cruinnithe ag an gComhairle níos minicí go dtí gur bhuail siad le chéile, mar a bhuaileann siad anois, uair sa mhí. Tugtar sonraí de na hábhair ar pléadh leo ag na cruinnithe seo i Leabhair na Miontuairiscí. Brú anseo le Tuarastail Fhoirne a Íoslódáil.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit