Cad a rinne Comhairle Contae Phort Láirge ar ár son-na riamh?

Ar chuir tú an cheist ort féin riamh, cad a dhéanann an Chomhairle? Ar mhaith leat fáil amach cad go díreach a rinne Comhairle Contae Phort Láirge i do cheantar áitiúil – cathain, agus cé mhéid a chostaigh sé ag an am?

Is féidir le Cartlann Chontae Phort Láirge freagracha a thabhairt ar na ceisteanna seo – agus tuilleadh – le heisiúint chnuasaigh taifead a bhaineann le laethanta tosaigh Chomhairle Contae Phort Láirge dár teideal Comhairle Contae Phort Láirge – Riarachán Ginearálta (WCC/GNA/).

Léiríonn na taifid seo bunfhoirm na Comhairle, agus gach feidhm faoi stiúir ag Oifig an Rúnaí Chontae. Níos déanaí, leathnaigh réimse seirbhísí na Comhairle agus forbraíodh rannóga éagsúla chun déileáil leis an réimse seirbhísí sin. Cuireann na taifid seo sonraí ar fáil faoin aistriú ó chóras rialtais aitiúil an Ard-Ghiúiré agus rianaíonn siad bunfhorbairt na Comhairle is a seirbhísí.

Cuimsíonn an t-eolas sna taifid seo réimse leathan agus clúdaíonn sé gnéithe éagsúla ní hamháin d’obair Chomhairle Contae Phort Láirge ach de stair an Chontae. Tóg mar shampla, sa chnuasach seo:

WCC/GNA/26 Taifead a choinníonn páipéir ainmniúcháin is bileoga torthaí toghchán 1945. 30 Bealtaine 1945-16 Meitheamh 1945

WCC/GNA/92 Rún ó Chonradh Cheart Vótála na mBan a chuir in aghaidh rialacháin 40d DORA a thug isteach scrúdú leighis éigeantach na mban, ar mhothaigh siad faoi “go gcuireann sé ar chumas na bhfear drochbheatha duáilce a mhaireachtáil, agus is uafás é i gcoinne saoirse, onóra agus ionracais gach mná agus is iarracht bheartaithe í an caighdeán dúbailte olc seo a chur chun cinn go deo” (16 Lúnasa 1918).

WCC/GNA/131 Comhad a chuimsíonn roinnt chomhfhreagrais leis an Roinn Rialtais Áitiúil de Dháil Éireann, a bhí nuabhunaithe ag an am, agus litir san áireamh ó LT Mac Cosgair, an tAire Rialtais Áitiúil, a luaigh, “Glactar leis nach bhfuil gá a thuilleadh ag na hÚdaráis Áitiúla leis na LGB (Sasanacha)” (21 Lúnasa 1920).

WCC/GNA/201 Comhad a chuimsíonn cáipéisí faoi sholáthar uisce do Chontae Phort Láirge ag an gComhairle Contae agus a réamhtheachtaithe. 7 Meán Fómhair 1863-1 Samhain 1965

Má tá spéis agat féachaint orthu seo nó ar chuid de na taifid fíorspéisiúla eile atá sa chnuasach, déan teagmháil le Cartlannaí an Chontae.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit