|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > An Chartlann > Cnuasaigh Chartlainne > Cnuasaigh na Comhairle Contae > Miontuairiscí na Comhairle | ||
Leabhair MhiontuairiscíMiontuairiscí (MIONTUAIRISCÍ CRUINNITHE CHOMHAIRLE CHONTAE PHORT LÁIRGE, 71 kbs) Tá réimse leathan eolais ar fáil i Leabhair Mhionsonraí Chomhairle Contae Phort Láirge a bhaineann ní hamháin le hobair na Comhairle Contae ach le himeachtaí chomh maith atá tábhachtach don dúiche agus don tír. Is féidir forbairt Chontae Phort Láirge a rianú sna Leabhair Mhiontuairiscí, chomh maith le forbairt na seirbhísí a chuireann Comhairle Contae Phort Láirge ar fáil. Is féidir forbairt infreastruchtúir Chontae Phort Láirge a leanúint go soiléir sna sonraí faoi oibreacha bóithre is seirbhísí fíorthábhachtacha eile sa Chontae. Fágann réimse leathan suimeanna na Comhairle ar fud an Chontae chomh maith leis na hionadaíochtaí a rinne grúpaí sainleasa sa Chontae go bhfuil stair fhorbartha Chontae Phort Láirge mar atá sé sa lá atá inniu ann taifeadta i Leabhair Mhiontuairiscí na Comhairle. Brú anseo le féachaint ar thograí na Comhairle. Tugann rúin na Comhairle Contae léargas dúinn ar imeachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Coinníonn na Leabhair Mhiontuairiscí taifead tábhachtach den dearcadh áitiúil ar na imeachtaí seo. Léiríonn rúin na Comhairle maidir le hÉirí Amach 1916 an mhalairt ollmhór intinne a tháinig ar mhuintir na hÉireann tar éis na heachtra. I rith Chogadh na Saoirse thaispeáin an Chomhairle a dílseacht do Dháil Éireann go rísoiléir agus mar gheall air sin bhain an Bord Rialtais Aitiúil a mhaoiniú di (WCC/1/4-5). Ní raibh drogall ar bith ar an gComhairle a dearcadh ar imeachtaí idirnáisiúnta a léiriú, mar shampla Cogadh na mBórach, An Chéad agus an Dara Cogadh Domhanda, feallmharú John Fitzgerald Kennedy agus ionradh na Seicslóvaice ag an Rúis. Is féidir fianais faoi fhobairt Chontae Phort Láirge agus na hÉireann mar aonad a fháil sna Leabhair Mhiontuairiscí. Is féidir teacht ar thagairtí don méadú i dtrácht mótair a bhí ar na bóithre, forbairt an tionscnaimh thurasóireachta agus dúnadh na stáisiún traenach a bhí, tráth, le fáil i ngach baile in Éirinn. Is áis thar a bheith luachmhar iad Leabhair Mhiontuairiscí Chomhairle Contae Phort Láirge agus is foinse eolais iad ar réimse leathan ábhar. Eagraíodh na Leabhair Mhiontuairiscí de réir dáta, agus tá corrthagairt iontu do rún nó nóta a ndearna an Chomhairle. Ní féidir tagairt do gach píosa eolais luachmhair atá ar fáil sna Leabhair Mhiontuairiscí agus mar sin tá sé tábhachtach go bhfuil a fhios ag aon duine ar suim leis/léi tagairt nó eachtra faoi leith sna Leabhair Mhiontuairiscí a fháil go “dtógfaidh sé am” teacht ar an eolas seo mura bhfuil dáta an chruinnithe inar pléadh leis an ábhar ar eolas an duine. Tá na Leabhair Mhiontuairiscí críochnaithe, a bheag nó a mhór, agus stóráil Rúnaí an Chontae iad. Ó 9 Meitheamh 1948 go dtí c. 28 Bealtaine 1956, afách, tugadh na Miontuairiscí go dtí teach na cúirte ionas go bhféadtaí staidéar a dhéanamh orthu le haghaidh iniúchóireachta agus d’fhan siad i stóras theach na cúirte go dtí gur cuireadh isteach sa tSeirbhís Chartlainne iad. Is féidir teacht ar stair de Chontae Phort Láirge i Comhairle Contae Phort Láirge 1899-1999 le Brian McNally agus Maurice McHugh, curtha in eagar ag Tom Keith agus Donald Brady (ar fáil trí Chóras Leabharlainne Chontae Phort Láirge). Is féidir teacht ar eolas breise faoi Chomhairlí Contaetha eile ar fud na hÉireann i gcartlann an chontae áirithe sin, i gcartlann an Bhord Rialtais Áitiúil, agus ó na Rannóga Rialtais atá freagrach as Údaráis Áitiúla sna Carltanna Náisiúnta. |
||
| Add | Edit | ||