Seimineár ar an gCanónach de Paor

Dáta: 24 Ean 2012

Seimineár ar an gCanónach de Paor

Canon Power  

Tá sé cothrom is 150 bliain an bhliain seo ó rugadh an Canónach Pádraig de Paor i gCeallachán, Co. Phort Láirge ar an 8 Márta 1862. Scoláire ba ea é i réimse leathan ábhar, ar nós seandálaíocht, stair, oidhreacht, an Ghaeilge agus logainmneacha na hÉireann i gcoitinne, agus Phort Láirge go speisialta. Tá réimse fairsing altanna agus leabhair scríofa aige agus cáil faoi leith air as ucht a chuid saothair "The Placename of the Decies", agus tá pobal na nDéise go mór faoi chomaoin aige dá réir.

Chun a shaol agus a shaothar a cheiliúradh, tá Comhairle Contae Phort Láirge, Comhaire Cathrach Phort Láirge agus Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge tar éis teacht le chéile chun seimineár a eagrú ar a gCanónach de Paor. Beidh an seimineár seo ar siúl in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge, Cathair Phort Láirge ar an Déardaoin, 8 Márta.

Díreoidh an seimineár seo ar ghnéithe éagsúla de shaol agus de shaothar an Chanónaigh, chomh maith le féachaint ar fhorbairtí nua i réimsí a chuid taighde. Ina measc seo, tá tionscadal nua ar Ainmneacha Páirceanna le Scoil Náisiúnta an Tempaill Gheal agus Scoil Náisiúnta Fhionnúrach, áit a bhfuil na daltaí na scoileanna úd tar éis obair taighde a dhéanamh ar logainmneacha páirce srl ina gceantair féin. Cuirfear torthaí a gcuid oibre os comhair an phobail ar lá an tseimineáir.

Seimineár lae dátheangach a bheidh ann. Beidh aistriúchán comhuaineach (ó Bhéarla go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla) ar fáil ar feadh an lae. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar chlár an tseimineáir.

Clár an tSeimineár (An gCanónach de Paor Clár an tSeimineár, 597 kbs)  

back to An Chartlann
wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit