Conas Tosú

Sula dtugann duine cuairt ar Chartlann an Chontae, tá sé tábhachtach, dar linn, an méid eolais agus is féidir a bhailiú faoina m(h)uintir. Cuir ceist ar do ghaolta i gcomhair aon eolais atá acu agus déan seic ar aon litreacha muintire nó taifid mhuintire eile a thabharfadh leideanna duit. Aontas Phort Láirge na mBord Bardachta.

Tá trí phíosa eolais atá fíorthábhachtach chun aon eolas a aimsiú faoi do mhuintir.

  1. Ainm do mhuintire
  2. An baile fearainn mar a raibh siad ina gcónaí 
  3. An neasdáta a raibh siad ina gcónaí ann

Toisc go n-eagraítear móramh na dtaifead de réir ainm an bhaile fhearainn, gan an t-eolas seo, beidh sé fíordheacair do mhuintir a aimsiú.
Le haghaidh comhairle níos sonraí ar fhoinsí taighde faoi stair do mhuintire i gContae Phort Láirge tá foilseachán nua Foinsí do Stair Chlainne i gContae Phort Láirge ar fáil ar líne i bhfoirm .pdf. Brú ar an nasc “Foilseacháin” ar thaobh na láimhe clé de do scáileáin.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit