Conas is féidir linn cabhrú

Cuirfear taifid ar fáil duit ag Cartlann an Chontae a cheadóidh duit do chuardach a dhéanamh agus cuirfidh an fhoireann i gCartlann an Chontae aon chabhair ar féidir leo ar fáil duit ach ní féidir leo an taighde féin a dhéanamh duit.

Mura bhfuil tú ábalta cuairt a thabhairt ar an gCartlann déanfaidh foireann na Cartlainne cuardach trí na taifid Luachála duit, más féidir leat sloinne, ainm bhaile fhearainn agus neastréimhse dháta a thabhairt dóibh.

Le haghaidh beagáin chomhairle faoi conas dul i ngleic le do thaighde staire chlainne nó conas cuardach trí na taifid Luachála déan teagmháil le: familyhistory@waterfordcoco.ie agus léigh an foilseachán Foinsí do Stair Chlainne i gContae Phort Láirge.

Más taighde níos cruinne atá uait (ar na taifid atá i gCartlann an Chontae), tá eagraíochtaí amuigh ansin a thairgíonn seirbhísí ginealaigh ar féidir a úsáid chun cuardach níos cruinne a dhéanamh ar do shon.

I bPort Láirge tá na seirbhísí seo a leanas san áireamh:
Oidhreacht Phort Láirge
An tIonad Ginealaigh
Lána Jenkin
Port Láirge
Ríomhphost: mnoc@iol.ie

Cuireann suíomh Chartlann Náisiúnta na hÉireann, www.nationalarchives.ie, níos mó eolais ar fáil mar gheall ar thaighde stair chlainne a dhéanamh agus cuireann sé ar fáil liosta taighdeoirí atá ar fáil chun taighde a dhéanamh.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit