Taifid Eaglaise

Chláraigh na hEaglaisí baistí, básanna agus póstaí roimh Chlárú Sibhialta i 1864.

Tá formhór de thaifid na hEaglaise Caitlicí a tháinig slán ar mhicreascannán i stór Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, www.nli.ie agus tá siad ar fáil chomh maith ag Oidhreacht Phort Láirge, an tIonad Ginealaigh, Lána Jenkin, Port Láirge, www.iol.ie/~mnoc

Tá taifid pharóiste Eaglais na hÉireann ar fáil ó Chartlann Náisiúnta na hÉireann, www.nationalarchives.ie nó ó Leabharlann Chomhlacht Ionadaíoch na hEaglaise, www.ireland.anglican.org/library/libroots.htm

Tá na taifid pharóiste don Eaglais Mhodhach stóráilte le taifid Eaglaise na hÉireann. Le breis eolais, féach www.wesleyhistoricalsociety.org.uk

Is féidir taifid na hEaglaise Preispitéirí a fháil ach teagmháil a dhéanamh leis an séipéal áitiúil, féach www.presbyterianireland.org

Coimeádtar an-chuid taifead de chuid Chumann na gCairde ar mhicreascannán ag an Leabharlann Náisiúnta, www.nli.ie nó is féidir teacht orthu chomh maith ag Teach Quaker, Ascaill Bloomfield, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath 4.

Coimeádann Músaem Giúdach na hÉireann, 3-4 Bóthar Walworth, An Cuarbhóthar Theas, Baile Átha Cliath 8 taifid an phobail Ghiúdaigh.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit