Tithe Leaba is Bricfeasta le Suim Stair Mhuintire

Mar chuid den tionscadal Celtic Trí eagraíodh dhá chomhdháil oiliúna do sholáthróirí turasóireachta Chontae Phort Láirge. Eagraíodh na comhdhálacha oiliúna a bhí ar siúl i 2005 chun tuiscint a fheabhsú ar an gcumas do thaighde stair chlainne sa chontae. Chuir Catherine Nugent, sloinnteoir/ginealeolaí cónaithe le Cartlann Chontae Phort Láirge na léirithe oiliúna ar fáil.

Cuireadh eolas ar fáil do sholáthróirí turasóireachta a d'fhreastail ar na seisiúin oiliúna faoi fhoinsí do thaighde stair chlainne atá ar fáil go háitiúil agus trí Sheirbhís Chartlainne Chontae Phort Láirge. Chomh maith le hacmhainní ar líne a scrúdú, tugadh deis d’oiliúnaithe féachaint ar chnuasaigh chartlainne a stóráiltear i gCartlann an Chontae a bhfuil úsáid faoi leith acu maidir leis an staraí clainne. Ar an modh céanna, tugadh treoir phraiticiúil d’oiliúnaithe faoi conas a bhféadfaidís cabhrú le cuairteoirí ar mhaith leo a sinsir ó Phort Láirge a rianú.

Brú anseo le haghaidh liosta de sholáthróirí turasóireachta a chríochnaigh an oiliúint go rathúil.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit