|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > An Chartlann > Tionscadail Chartlainne > An Tionscadal Stair Bhéil | ||
An Tionscadal Stair BhéilSa bhliain 2000 bhunaigh Seirbhís Chartlainne Chontae Phort Láirge Tionscadal Stair Bhéil do Chontae Phort Láirge, le maoiniú ó Chomhairle Contae Phort Láirge. Bunaíodh an togra chun taifead a dhéanamh ar chuimhní cinn dhaoine atá ina gcónaí i bPort Láirge agus chun na cuimhní cinn seo, ar dhaoine agus ar áiteanna i bPort Láirge, a choimeád beo do na glúinte atá le teacht. Tugann na taifeadtaí beocht d’fhíricí scríofa, cruthaíonn siad taifead den tionchar atá ag imeachtaí áitiúla agus náisiúnta sa Chontae agus cuireann siad sonraí i gcuntas de shaol laethúil na ndaoine, sonraí a gheobhadh a bheith caillte go deo murach san. Cuireadh tús le taifeadadh i mí Feabhra 2001. Tá na taifeadtaí ina iomlán ar fáil sa tSeirbhís Chartlainne. Tá gach ceann de na taifeadtaí athscríofa chun cinntiú gur féidir le duine léamh tríd an athscríobh chun fáil amach cad go díreach a dúradh, os rud é go gcailleann sé/sí focal nó dhó le linn dó/di a bheith ag éisteacht leis an taifeadadh. Tá Ionad Éisteachta do Dhlúthdhioscaí (maoinithe ag an gComhairle Oidhreachta) curtha sa bhFáiltiú sna hOifigí Cathartha agus is áis é don phobal trínar féidir leo éisteacht le blúiríní as roinnt de na taifeadtaí a rinneadh agus cuirfear chun suntais roinnt téamaí ó na taifeadtaí go dáta. Ba í Méara an Chontae, Lola O’Sullivan, a sheol Tionscadal Stair Bhéil Chontae Phort Láirge ar an Luan 2 Meán Fómhair 2002. Trí na taifeadtaí, beidh daoine in ann teacht ar eolas nach mbeadh ar fáil dóibh ná do na glúinte atá le teacht sa ghnáth-shlí. Táthar ag súil le leanúint leis an tionscadal agus forbairt a dhéanamh ar thaifead a bheadh ag síor-fairsingiú de dhaoine atá ina gcónaí i bPort Láirge agus ar an saol sa Chontae de réir mar a athraíonn sé agus mar a dtagann forbairt air. Is tionscadal leanúnach é seo agus leanfar ar aghaidh ag déanamh taifeadtaí le cur leis an mbailiúchán. Dá mba mhaith leat páirt a ghlacadh sa tionscadal seo déan teagmháil leis an gCartlannaí. |
||
| Add | Edit | ||