An Ghaeilge sa Chomhairle

Tá sé de dhualgas reachtúil ar Chomhairle Contae Phort Láirge, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal, ar chomhchaighdeán leis an tseirbhís trí Bhéarla.

Ceanglaíonn ár gCairt Chustaiméirí orainn "an tseirbhís is fearr agus is féidir a sholáthar go héifeachtach agus go cuirtéiseach daoibhse, ár gcustaiméirí." Luann sé chomh maith go mbeidh sé mar aidhm ag Údaráis Áitiúla Chontae Phort Láirge "a chinntiú go mbeidh custaiméirí ar mian leo a gcuid ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge ábalta amhlaidh a dhéanamh."

Tugann an chuid seo den suíomh léargas ar na gníomhaíochtaí éagsúla atá idir lámha ag Údaráis Áitiúla Chontae Phort Láirge maidir leis an nGaeilge. Má tá aon cheist agat mar gheall ar sheirbhísí Gaeilge na Comhairle nó más mian leat do ghnó a dhéanamh as Gaeilge linn, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag gaeilge@waterfordcoco.ie.

Chun a thuilleadh eolais a fháil ar thionscnaimh Ghaeilge na nÚdarás, cliceáil ar na naisc faoi 'An Ghaeilge sa Chomhairle' sa bharra roghchláir gorm ar thaobh do láimhe chlé den leathanach seo.

Cliceáil ar na naisc thíos chun tuilleadh a léamh faoi chúrsaí Gaeilge sa Chomhairle

An Ghaeltacht   Scéim na Gaeilge
 An Coiste Logainmneacha  An Ghaeilge i gContae Phort Láirge
 Tionól an Fhómhair  Naisc Úsáideacha
         

Máire Seosaimhín Breathnach, An tOifigeach Gaeilge

Is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Gaeilge na Comhairle, Máire Seosaimhín Breathnach ar:
Guthán: +353 (0)58 20884
Ríomhphost:
msbreathnach@waterfordcoco.ie

Tá baill fhoirne i roinnt mhaith de Rannóga Chomhairle Contae Phort Láirge atá sásta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an bpobal. Seo a leanas a gcuid sonraí:

  • Deasc um Sheirbhísí do Chustaiméirí
    Áine Mhic Cárthaigh
  • An Cartlannaí
    Joanne Rothwell
  • An tOifigeach Ealaíon
    Máiréad Uí Argáin
  • An Rannóg Comhshaoil
    Lúcás Ó Briain
  • An Rannóg Tithíochta
    Máire Uí Bhriain
    Sheena Ní Mhanacháin
  • Oifig Mhótarchánach, Dún Garbhán
    Eilís Uí Chonchubhair
  • An Rannóg Pleanála
    Sinéad Breathnach
  • An Rannóg Seirbhísí Uisce
    Seán Ó Súilleabháin
  • Oifig na Trá Móire
    Jack Lillis
  • Leabharlann na Trá Móire
    Treasa Nic an Aonaigh
  • Leabharlann Dhún Garbhán
    Gearóidín Uí Mhurchú
  • Ceanncheathrú na Leabharlainne, An Lios Mór
    Evelyn Coady
wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo Share/Bookmark
Add | Edit