Cur chun Cinn na Gaeilge sa Phobal

Gach bliain eagraíonn rannóga teanga agus cultúr Chomhairle Contae Phort Láirge imeachtaí ar fud an chontae chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh i mí an Mhárta agus chun an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta a cheiliúradh ag deireadh mhí Lúnasa.

Eagraítear, go minic, na himeachtaí seo i gcomhar le pobail áitiúla, agus bíonn siad ar siúl trí mheán na Gaeilge -- cuireann siad deis iontach ar fáil chun úsáid na Gaeilge a spreagadh sa phobal i gcoitinne.



An Ghaeilge i gComhairle Contae Phort Láirge

Cuireann Comhairle Contae Phort Láirge deiseanna ar fáil dá foireann an Ghaeilge a fhoghlaim trí ranganna inmheánacha a chur ar siúl, agus trí chabhrú le baill den bhfoireann tabhairt faoi chúrsaí seachtracha atá curtha ar fáil ag institiúidí eile. Go dtí seo, tá deis curtha ar fáil don bhfoireann cáilíochtaí a bhaint amach ar nós an Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach ó hOllscoil na hÉireann, Gaillimh agus an Teastas Eorpach sa Ghaeilge ó hOllscoil na hÉireann, Má Nuad.

Cuirtear iachaill ar an bhfoireann chomh maith tabhairt faoi dhian-chúrsaí Gaeilge a eagraíonn Gaeleagras (an rannóg oiliúna Ghaeilge de chuid na Roinne Airgeadais) go bliantúil i gceantair Ghaeltachta ar fud na tíre.

Cliceáil thíos i gcomhair eolais ar imeachtaí a d'eagraíodh i gContae Phort Láirge le linn Sheachtain Oidhreachta sna blianta a d'imigh romhainn.

Seachtain Oidhreachta 2010 ráiteas (word. doc, 45 kbs)  
Seachtain Oidhreachta 2008 ráiteas (word .doc, 41 kbs)
Seachtain Oidhreachta 2007 ráiteas (word .doc, 38 kbs)  

An Ghaeilge a Fhoghlaim i gContae Phort Láirge

Tá Ranganna Gaeilge, ar leibhéil dhifriúla, ar fáil sa nGaeltacht:

Ranganna Gaeilge gach Luan agus Déardaoin i nGaeltacht na nDéise do thosaitheoirí, d’fheabhsaitheoirí agus ag an mean-leibhéal. €10 an ranga. Cúrsa seachtaine ar fáil i rith an tsamhraidh chomh maith.

Ciorcal Comhrá Neamh-fhoirmeálta ag buaileadh le chéile gach Máirt. Fáilte roimh chách – roimh dhaoine ag gach leibhéal chumais teanga agus rompu siúd gur mhaith leo díreach éisteacht le Gaeilge á labhairt!

Lá a chaitheamh sa nGaeltacht! – Lá feasachta teanga, ceardlanna ceol agus/nó damhsa, turas bus thart thimpeall an cheantair Ghaeltachta, agus seisiún ceoil traidisiúnta um thráthnóna. Lón agus suipéar curtha ar  fáil. Áirithintí do ghrúpaí de 15 nó níos mó. Is féidir gníomhaíochtaí eile agus lóistín a eagrú, ag braith ar éileamh.

Déan teagmháil le Cabríní 087-6532044 / cabrini@o2.ie i  gcomhair a thuilleadh eolais ar an méid thuasluaite.

Ranganna Comhrá curtha ar fáil ag Coiste Gairmoideachais Chontae Phort Láirge chomh maith, i gColáiste Chathail Naofa, Dún Garbhán. Is féidir leat an clár reatha de Ranganna Oíche a íoslódáil ón suíomh idirlíon.  Déan teagmháil leis an Oifigeach Aosoideachais, Danny Cunningham ar (058) 41195 nó dannycunningham17@yahoo.com  i gcomhair a thuilleadh eolais.

Cuireann eagraíochtaí náisiúnta Gaeilge ar nós Chonradh na Gaeilge agus Fhoras na Gaeilge cúrsaí ar fáil ar fud na tíre, chomh maith le tacú le himeachtaí a bhaineann leis an teanga. Le haghaidh tuilleadh sonraí féach ar www.gaeilge.ie agus www.cnag.ie

Cuireann Gaelchultúr réimse leathan de chúrsaí agus acmhainní foghlamtha Gaeilge ar fáil. Féach ar www.gaelchultur.com i gcomhair a thuilleadh eolais.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit