|
Contae Phort Láirge, Eire
|
||
| Tá tú anseo Baile > Seirbhísí > An Ghaeilge sa Chomhairle > An Ghaeltacht | ||
An GhaeltachtTweetGaeltacht na nDéiseTá Gaeltacht na nDéise suite ar an gcósta -- sé mhíle ó Dhún Garbhán -- ag féachaint amach ar an gcuan agus ar An Mheá. Gaeltacht bheag is ea í a chuimsíonn dhá pharóiste, paróiste na Rinne agus paróiste an tSean Phobail. Séard a chiallaíonn 'Gaeltacht' ná limistéir ina labhartar an Ghaeilge mar ghnáth-theanga an phobail. Tá Contae Phort Láirge ar cheann de sheacht chontaetha sa tír ina bhfuil limistéir Ghaeltachta. An Rinn (Ring)Tá go leor tránna gan mháchail sa Rinn, agus aillte agus gleannta chomh maith le rianta le siúlóid a dhéanamh orthu. Tá cultúr bríomhar i nGaeltacht na Rinne, a bhfuil go leor gníomhaíochtaí le déanamh i measc mhuintir fhial na dúiche. Tiocfaidh tú ar thuilleadh sonraí maidir le ceantar Gaeltachta na Rinne ar an suíomh turasóireachta atá againn. An Seanphobal (Old Parish)Limistéar ciúin tuaithe is ea an Seanphobal, cóngarach d'Aird Mhór. Roimh an Ghorta bhí an daonra i bhfad níos mó ná mar atá sé anois. De réir an fhinscéil, bhunaigh Naomh Colmán an Seanphobal i bhfad sular tháinig Naomh Pádraig go hÉireann agus fiú sular tháinig Naomh Deaglán go dtí Aird Mhór. Teach solais Mhine Head is ea an ghné is mó agus is suntasaí de dhéantús an duine ar líne an chósta -- téann an teach solais siar go dtí 1851. Tá líne an chósta thar a bheith baolach agus garbh agus mar sin is léir go bhfuil an teach solais riachtanach. Struchtúr eile de dhéantús an duine is ea an Chailleach Béara: tuama meigiliteach ó roimh na Ceiltigh is ea é seo a théann siar go dtí 2,000 RC. Léiríonn na radhairc iontacha ar Oirthear Phort Láirge agus Loch Garman go dtí Hook Head agus níos faide soir cén fáth gur roghnaíodh an áit seo leis an tuama a thógáil. Cuimsíonn líne an chósta muirdhreach iontach aillte, thart ar 70m in airde, chomh maith le roinnt silteán sruthanna agus bánna beaga. Meallann an féarach ar na haillte go leor éan mara. Parthas is ea an Seanphobal dóibh siúd a bhfuil suim acu sna héin agus sa dúlra. Tiocfaidh tú ar thuilleadh eolais maidir leis an Seanphobal ar ár suíomh idirlín turasóireachta. Comhlacht Forbartha na nDéiseBunaíodh Comhlacht Forbartha na nDéise i mBealtaine 2005 chun forbairt pobail sa Rinn agus sa Sean Phobal a thabhairt faoi aon scáth-eagraíocht amháin. Tá seachtar ar bhord an chomhlachta, triúr ón Rinn, triúr ón Sean Phobal agus Oifigeach Gaeilge Chomhairle Chontae Phort Láirge. Chun a thuilleadh eolais a fháil ar Chomhlacht Forbartha na nDéise agus ar Ghaeltacht na nDéise go ginearálta, féach ar www.deise.ie |
||
| Add | Edit|Direct Edit | ||