Gradam Gnó na nDéise

Gradam Gnó_pic  Is scéim ghradam í Gradam Gnó na nDéise chun aitheantas a thabhairt do ghnónna i nDún Garbhán agus in Iarthar Chontae Phort Láirge a oibríonn chun an Ghaeilge a fhorbairt mar chuid dá ngnó. Comhfhiontar is ea é idir Oifig Ghaeilge Chomhairle Contae Phort Láirge agus Comhlucht Forbartha na nDéise i nGaeltacht na nDéise. Tá Cumann Tráchtála Iarthar Phort Láirge ag tacú leis an scéim seo freisin.

Tá sé mar aidhm leis an scéim gnónna a ghríosadh chun an Ghaeilge a úsáid mar uirlis mhargaíochta agus ghnó, trí bhuntáistí eacnamaíocha agus chultúrtha na Gaeilge a chur in iúl dóibh. Tá áthas ar Chomhairle Contae Phort Láirge agus ar Chomhlucht Forbartha na nDéise duaischiste i bhfoirm fógraíochta saor in aisce a fhógairt do bhuaiteoirí na scéime seo i mbliana, a bhuíochas d’urraíocht fhlaithiúil ó pháipéirí áitiúla, an Dungarvan Leader agus an Dungarvan Observer.

Is féidir le gnó cur isteach ar an ngradam é féin, nó is féidir le comhlacht eile nó custaiméar gnó a mholadh. Beidh tamaill ag gnónna chun an Ghaeilge a fhorbairt a thuilleadh agus tá cabhair ar fáil ó Chomhlucht Forbartha na nDéise agus ó Chomhairle Contae Phort Láirge maidir leis seo. Déanfar moltóireacht i mí Aibreán 2011, agus fógrófar na buaiteoirí thart ar aimsir na Cásca, 2011. 

Is féidir níos mó eolais ar Ghradam Gnó na nDéise a fháil trí féachaint ar phíosa deas ar Ghradam Gnó na nDéise a craoladh ar Nuacht TG4 ar an 10 Deireadh Fómhair 2010

Féach ar an mbileog eolais thíos ag bun an leathanaigh seo i gcomhair a thuilleadh eolais ar “Gaeilge & Gnó”.

Tá an Fhoirm Ainmniúcháin/Iontrála ar fáil le híoslódáil ag bun an leathanaigh chomh maith.

Gradam Gnó na nDéise - Buntáistí

Tá an-chuid slite inar féidir leatsa an Ghaeilge a úsáid chun cur le do ghnó agus chun iomhá faoi leith a thabhairt duit féin, nach bhfuil ag do chuid iomaitheoirí. Tá staidéir déanta a thaispeánann go bhfuil margaíocht agus cur chun cinn ghnó, chomh maith le cheantair, mar ionad chultúrtha Ghaelach tarraigteach do chuairteoirí agus do thurasóirí, agus go bhfuil buntáistí eacnamaíocha agus turasóireachta ann dá bharr. Tá an-chuid eolais ar fáil ó Fhoras na Gaeilge ar na buntáistí a bhaineann le Gaeilge a úsáid mar chuid dod’ ghnó.

GNÓ Means Business – Cistiú Meaitseála ar Fáil

Sé Foras na Gaeilge an comhlacht atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann. Tá tionscadal iontach ag an bhForas dar teideal GNÓ means Business, agus is féidir eolas a fháil ar a shuíomh idirlíon ar na seirbhísí tacaíochta ar fad atá ar fáil maidir le Gaeilge a úsáid i do chuid ghnó.

Tá Foras na Gaeilge tiomanta chun tacú leis an Lucht Gnó an fheidhm phraiticiúil ghnó a bhaineann leis an Ghaeilge a iniúchadh agus a fhorbairt, trí scéimeanna ar nós an 'Scéim Chomharthaíochta Dátheangaí / Bilingual Signage Scheme’ agus an ‘Scéim um Ábhair Dhátheangacha / Bilingual Materials Scheme’. Tá cistiú meaitseála ar fáil d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide do chomharthaíocht dátheangach/Gaeilge. Tá réimse leathan d’ábhar tacaíochta do ghnó forbartha ag an bhForas, an chuid is mó acu saor in aisce, agus tá bailiúchán fairsing de theimpléid dhátheangacha, ar féidir iad a íoslódáil saor in aisce óna shuíomh idirlíon.

Ag cur barr feabhais ar do chuid Ghaeilge

Chomh maith le Gaeilge a úsáid i gcomharthaíocht, i staiseanóireacht, i mbileoga, ar bhiachláir agus ar ábhar bolscaireachta, is féidir leat roinnt Ghaeilge a thabhairt isteach sa ghnó sa tslí ina mbíonn tú ag plé le do chuid chustaiméirí. Má tá tú líofa, nó muna bhfuil agat ach cúpla focal, tá roinnt slite bunúsacha inar féidir leat gné éigint den dátheangachas a thabhairt isteach thar an chuntair, rud a chuirfidh go mór le Gaelú do chuid ghnó.

Ranganna Gaeilge, ar leibhéil dhifriúla, ar fáil go háitiúil:

Ranganna Gaeilge gach Luan agus Déardaoin i nGaeltacht na nDéise do thosaitheoirí, d’fheabhsaitheoirí agus ag an mean-leibhéal. €10 an ranga. Cúrsa seachtaine ar fáil i rith an tsamhraidh chomh maith.

Ciorcal Comhrá Neamh-fhoirmeálta ag buaileadh le chéile gach Máirt. Fáilte roimh chách – roimh dhaoine ag gach leibhéal chumais teanga agus rompu siúd gur mhaith leo díreach éisteacht le Gaeilge á labhairt!

Lá a chaitheamh sa nGaeltacht! – Lá feasachta teanga, ceardlanna ceol agus/nó damhsa, turas bus thart thimpeall an cheantair Ghaeltachta, agus seisiún ceoil traidisiúnta um thráthnóna. Lón agus suipéar curtha ar  fáil. Áirithintí do ghrúpaí de 15 nó níos mó. Is féidir gníomhaíochtaí eile agus lóistín a eagrú, ag braith ar éileamh.

Déan teagmháil le Cabríní 087-6532044 / cabrini@o2.ie i  gcomhair a thuilleadh eolais ar aon cheann den méid thuasluaite.

Ranganna Comhrá curtha ar fáil ag Coiste Gairmoideachais Chontae Phort Láirge chomh maith, i gColáiste Chathail Naofa, Dún Garbhán. Is féidir leat an clár reatha de Ranganna Oíche a íoslódáil ón suíomh idirlíon.  Déan teagmháil leis an Oifigeach Aosoideachais, Danny Cunningham ar (058) 41195 nó dannycunningham17@yahoo.com  i gcomhair a thuilleadh eolais.

Tacaíochtaí Eile

Tá pacáiste an-áisiúil d’ábhar tacaíochta chun cabhrú leat an Ghaeilge a chur chun cinn id’ ghnó curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge. Dar teideal, “Making Irish work for your Business”, séard atá sa phacáiste saor in aisce seo ná réimse d’ábhair thacaíochta ghnó deartha go speisialta, ar nós greamáin, comharthaí beaga, trealamh beag oifige agus ábhar chabhrach eile chun go mbeidh an Ghaeilge níos feiceálaí id’ ghnó. Is féidir an pacáiste seo a ordú díreach ón bhForas tríd a suíomh idirlíon siúd, nó déan teagmháil le Máire Seó Breathnach, Comhairle Contae Phort Láirge (msbreathnach@waterfordcoco.ie) nó Cabríní de Barra, Comhlacht Forbartha na nDéise (cabrini@o2.ie) , agus beidh ceachtar acu siúd in ann pacáiste a fháil duit.

Tá lámhleabhar an-áisiúil, ‘Lámhleabhar Miondíola’, foilsithe ag Foras na Gaeilge chomh maith, agus is treoirleabhar simplí é ar úsáid na Gaeilge sa tionscal miondíola, ag tabhairt foclóra do na saghasanna éagsúla gnó (báicéirí, búistéirí, siopaí leabhar, crua-earraí, cosaslanna srl..) Féach ar www.gaeilge.ie i gcomhair a thuilleadh eolais.
Tá cathú orainn, ach níl an t-ábhar seo ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair.

Cúpla Focal

Here are a few basic phrases/words that might come in handy to get you started:

Irish Phrase & Phonetic pronunciation English meaning
Dia dhuit, an féidir liom cabhrú leat?
[Dee-ah gut, un fay-dir lum cow-roo lath?]
Hello, can I help you?

Conas atá tú?
[Ku-nass a-taw too?]
How are you?
Ba mhaith liom.....
[Buh woh lum....]
I would like......
Tá sé fuar/fliuch/te.....
[Taw shay foor/fluck/teh...]
It’s cold/wet/hot
Más é do thoil é
[Maw-shay duh hull ay]
Please...
Go raibh maith agat
[Guh rev moh ag-ut]
Thank you
 

Gradam Gnó - Foirm Iontrála agus Eolas

Má tá a thuilleadh eolais uait ar an nGradam Gnó, nó chun an fhoirm ainmniúcháin/iontrála a líonadh iseach, cliceáil ar na nascanna thíos.

Gradam Gnó_Bileog Eolais (Gradam Gnó_Bileog Eolais, 214 kbs)  

Gradam Gnó_Foirm Ainmniú (Foirm Ainmniúcháin do Ghradam Gnó 2010-2011, 97 kbs)  


Gradam Gnó_pic

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit