Naisc Úsáideacha

TG4

Cainéal náisiúnta teilifíse is ea TG4 (nó Teilifís na Gaeilge mar a thugtaí air ar dtús) a bunaíodh mar eintiteas reachtúil neamhspleách ar 1 Aibreán 2007.

Coláiste na Rinne

Tá Coláiste na Rinne ag freastal ar an nGaeilge le céad bliain. Tagann scoláirí ó chian agus ó chóngar chun freastal ar chúrsaí sa Choláiste.

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Eagras ionadaíochta is ea é seo ar 23 eagras Gaeilge. I measc a ghníomhaíochtaí tá: pleanáil teanga agus réiteach polasaithe, seirbhísí eolais, stócántacht polaitiúil agus feachtais, reáchtáil cúrsaí oiliúna, seiminéar, comhdhálacha, bunú tionscnaimh nua.

Conradh na Gaeilge

Tá cáil faoi leith ar Chonradh na Gaeilge i gcomhair ranganna Gaeilge do dhaoine fásta agus cur chun cinn ginearálta na teanga.

Údarás na Gaeltachta

Tá an ghníomhaireacht stáit seo freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta.

Foras na Gaeilge

Bunaíodh Foras na Gaeilge, an comhlacht atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, i mí na Nollag 1999, mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta.

An Coimisinéir Teanga

Ar an 23 Feabhra 2004 a ceapadh Seán Ó Cuirreáin ina chéad Choimisinéir Teanga de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Gael Linn

Is í príomhaidhm Ghael Linn ná an Ghaeilge agus a hoidhreacht a chothú agus a chur chun cinn ar fud na hÉireann i réimsí polasaí agus pobail, mar theanga bheo agus mar spreagadh féiniúlachta.

Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta

Bhunaigh an Rialtas an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ceann de na Ranna Stáit is nua, i mí an Mheithimh 2002.

Gaeltacht na nDéise (Comhlacht Forbartha na nDéise)

Sí Gaeltacht na nDéise an t-aon ceantar Gaeltachta atá suite in oir-dheisceart na h-Éireann, le daonra de thart ar 1,500 duine.

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Bunaíodh RTÉ Raidió na Gaeltachta le seirbhís iomlán raidió a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre.
Add | Edit|Direct Edit