Cúlra

Deireadh seachtaine cultúrtha trí mheán na Gaeilge is ea Tionól an Fhómhair, a eagraíonn Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Phort Láirge sa chontae go bliantúil. Díríonn an Tionól ar théama difriúil gach bliain, ag déanamh ceiliúrtha phoiblí ar chultúr, ar oidhreacht agus ar theanga Ghaelach Chontae Phort Láirge. Eagraíonn an Chomhairle an ócáid i gcomhar le pobail áitiúla in áiteanna éagsúla ar fud an chontae. Bunaíodh Tionól an tSamhraidh, mar a thugtaí air i dtosach, sa bhliain 2003 agus tá sé tar éis a bheith ar siúl i mBaile Uí Fhlaithnín, i nDún Garbhán, sa Rinn, i dTuar an Fhíona, i gCúl na Sméar/gCill Ghobnait, sa Sean Phobal, sa mBaile Dubh agus i gCill Rosanta go dtí seo.

Tá aoichainteoirí cáiliúla ó ar fud na tíre tar éis teacht chun caint ag an Tionól, chomh maith le himeachtaí agus ócáidí eagraithe ar théamaí áitiúla ar nós an fhile Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin, Coláiste na Rinne, Amhránaíocht ar an Sean-nós, Scríbhneoirí Shliabh gCua, Ceol Traidisúnta agus Traidisiúin an Fhómhair.

Chun teacht ar eolas ar Thionóil na mblianta atá thart féach ar 'Chartlann an Tionóil' sa roghchlár anuas ar thaobh na láimhe chlé den leathanach seo.

Tionól an Fhómhair 2011

Is i bparóiste Chill Rosanta i gCo. Phort Láirge a reachtáileadh Tionól an Fhómhair na bliana seo ón 21-23 Deireadh Fómhair 2011.

Tionól an Fhómhair 2011_clárD’éirigh go hiontach leis seo, an naoiú Tionól de chuid Chomhairle Contae Phort Láirge. Ón oscailt oifigiúil in Halla Naomh Bhríd tráthnóna Aoine, go dtí na ceardlanna rince, cócaireachta, cluichí agus amhránaíochta ar an Satharn agus na cainteanna ar stair reiligí an pharóiste maidin Domhnaigh, bhain idir óg agus aosta lán taitneamh as na himeachtaí éagsúla a bhí ar siúl thar an deireadh seachtaine.

Cliceáil ar an nasc thíos chun Clár iomlán Thionóil 2011 a íoslódáil.


Tionól an Fhómhair 2010

Bhí Tionól an Fhómhair 2010 ar siúl sa mBaile Dubh, Co Phort Láirge ón 15-17 Deireadh Fómhair. Reachtáileadh an Tionól seo i gcomhair le Craobh an Bhaile Dhuibh de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.

Tionól an Fhómhair 2010B'é seo ceann des na Tionóil ba rathúla a bhí ann go dtí seo, de bharr tinnrimh iontach ag na himeachtaí ar fad, agus de bharr na rannpháirtíochta lárnach ón bpobal áitiúil i gclár na deireadh seachtaine. Ón oscailt oifigiúil i Leabharlann Charnegie tráthnóna Aoine, go dtí na ceardlanna rince, cócaireachta, ceoil agus amhránaíochta ar an Satharn agus an tsiúlóid thart thimpeall an tsráidbhaile maidin Domhnaigh, bhain idir óg agus aosta lán taitneamh as na himeachtaí éagsúla a bhí ar siúl thar an deireadh seachtaine.

Tionól an Fhómhair 2010 - An Clár

Cliceáil ar an nasc thíos chun Clár iomlán Thionóil 2010 a íoslódáil.

Tionól Programme 2010 (Adobe.pdf, 364 kbs)   

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit