|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > An Scéim Dheontas Ardoideachais | ||
Conas Iarratas a DhéanamhTá an dréachtfhoirm iarratais chomh maith le dréachtnótaí don Scéim Deontas Ardoideachais 2007-2008 ar fáil anseo ar chuspóirí eolais amháin; féach an nasc go dtí foilseacháin agus foirmeacha thíos. Is é an dáta deiridh a ghlacfar le foirmeacha iarratais do Dheontais Ardoideachais ná 31 Lúnasa 2007. Tugann an Cháipéis Threoirlínte HEG-2008 (word .doc, 170 kbs) an t-eolas ar fad duit atá riachtanach chun tacú le d'iarratas. Do chúrsaí fochéimithe, beidh ort (chomh maith) ceachtar Foirm FA1 (25kb) nó Foirm SA1 (20kb) a fháil. Tá siadsan i bhformáid .fdi (.pdf) agus ar an ábhar sin beidh Acrobat Reader de dhíth ort, atá ar fáil saor in aisce ó shuíomh idirlín Adobe. Má tá tú éiginnte faoi conas comhaid a íoslódáil, priontáil amach cóip dár dtreoracha agus téigh tríothu céim ar chéim. (Níl na foirmeacha atá i gceist ar fáil ach i mBéarla amháin.) Cé atá i dTeideal Iarratas a Chur isteach?Is iad na mic léinn atá i dteideal iarratas a chur isteach ar dheontais ardoideachais ná iad siúd atá ina fhochéimithe don chéad uair, agus atá ag freastal ar chúrsa lánaimseartha a bhfuil marthanacht dhá bhliana ar a laghad ag baint leis. Is féidir le hiarchéimithe áirithe iarratas a dhéanamh chomh maith, ach beidh orthusan na treoirlínte thíos a léamh roimh ré. Tá ar fhochéimithe a bheith 17 mbliana d'aois ar a laghad ar 1 Eanáir 2007 agus a bheith tar éis cónaí a bheith orthu i gContae Phort Láirge ó 1 Deireadh Fómhair 2006 ar aghaidh. Tá ar mhic léinn a bheith tar éis riachtanais na hArdteistiméireachta dá rogha chúrsa a bhaint amach. Tá ar an duine atá ag cur iarratais isteach ar dheontas a bheith ina náisiúnach de thír AE, stádas oifigiúil teifigh a bheith aige, nó a bheith tar éis cead daonnúil a bheith bronnta air fanacht sa Stát. TeagmháilMá tá cabhair uait, déan teagmháil leis an Rannóg DAO sna hOifigí Cathartha ar 058 22000 nó seol ríomhphost go dtí heginfo@waterfordcoco.ie |
||
| Add | Edit | ||