|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > An Scéim Dheontas Ardoideachais > An Fhoirm P21 | ||
An Ráiteas CothromúcháinTéigh ar líne agus úsáid an Fhéinseirbhís ar Líne ÍMAT do chustaiméirí ÍMAT. Má tá ráiteas cothromúcháin (Foirm P21) de dhíth ort ó na Coimisinéirí Ioncaim chun tacú le d'iarratas deontais, beidh suim agat fáil amach gur féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne anois! Seolfar foirm P21 amach chugat go luath tar éis duit iarratas a dhéanamh. P21 a fháil, ní sin ach cuid bheag den obair ar fad ar féidir leat a dhéanamh ar líne. Is féidir leat do gnóthaí cánach féin a riaradh ach an chuid is mó de do ghnó a dhéanamh ar líne. Féinseirbhís ÍMATCad atá ag teastáil uaim le iarratas ar P21 a dhéanamh ar líne? Le seo a dhéanamh, beidh ort d'UAP Ioncaim a bheith agat chomh maith le hainm úsáideora agus focal faire "reachservices." Seirbhís Rialtais is ea "reachservices" a bunaíodh le rochtain slán agus rúnda ar sheirbhísí poiblí a chur ar fáil tríd an idirlíon. Conas a Fhaighim UAP Ioncaim?Tá na Coimisinéirí Ioncaim tar éis UAPanna Ioncaim a eisiúint do gach custaiméir ÍMAT ar a dTeastas Chreidmheas Cánach 2007. Mura bhfuair tú d'UAP fós is féidir leat iarratas a dhéanamh arlíne ag www.revenue.ie Roghnaigh an rogha chun UAP Ioncaim a iarraidh. Más fearr leat, is féidir leat an focal PIN, agus ansin d'uimhir PPS, a théacs go 51829. Conas is Féidir liom Ainm Úsáideora agus Focal Faire "reachservices" a Fháil?
Conas is Féidir liom ÍMAT ar Líne a Úsáid?Tar éis duit do chuntas reachservices a ghníomhachtú, is féidir leat tairbhe a bhaint as an réimse iomlán seirbhísí ÍMAT Arlíne ag aon uair ach:Logáil isteach go dtí www.revenue.ie Roghnaigh Logáil Isteach go hÍMAT Arlíne, lean na treoracha, agus úsáid d'ainm úsáideora agus focal faire "reachservices" agus d'UAP Ioncaim. |
||
| Add | Edit | ||