Eolas Áitiúil

Feidhmíonn Comhairle Contae Phort Láirge an Scéim Deontas Ardoideachais gach bliain do mhic léinn a cháilíonn a bhfuil cónaí orthu i limistéar riaracháin Cho. Phort Láirge. Ina theannta seo, feidhmíonn Coiste Gairmoideachais (CGO) Chontae Phort Láirge a leithéid de scéimeanna agus an Scéim Scoláireachta CGO, an Scéim Dheontas Cothabhála Tríú-Leibhéal d’Oiliúnaithe (a chuimsíonn a leithéid de chúrsaí agus an Teastas Náisiúnta agus an Dioplóma Náisiúnta sna hInstitiúidí Teicneolaíochta) agus an Scéim Dheontas Cothabhála le cúnamh Chiste Sóisialta na hEorpa do mhic léinn atá ag freastal ar chúrsaí iar-Ardteistiméireachta (IAT).

Go ginearálta, má tá sé ar intinn agat bunchéim a leanúint,
Déan d’iarratas chuig:
CGO Chontae Phort Láirge,
Bóthar Bhúelf Teóin,
Dún Garbhán,
Co. Phort Láirge.
Guthán: (058) 41780
Ríomhphost: info@wd-vec.ie

Cúrsa céime onóracha nó cúrsa iarchéime,
Déan d’iarratas chuig:
Deontais Ardoideachais,
Comhairle Contae Phort Láirge,
Oifigí Cathartha,
Dún Garbhán,
Co. Phort Láirge.
Guthán: (058) 22035
Ríomhphost: heginfo@waterfordcoco.ie

Is féidir leat ríomhphost a sheoladh go dtí an seoladh thuas agus iarraidh ar an gComhairle go gcuirfí ar an liosta thú de na daoine a seolfar eolas amach chucu nuair a scaipfidh an Roinn Oideachais agus Chomhshaoil an scéim reatha.

Má tá tú, ar an lámh eile, ag fáil deontais cheana fan le d’fhoras cáiliúcháin reatha.

Socraíonn an cúrsa staidéar, i ndeireadh na dála, cén scéim ata cuí. Dáiríre, is féidir le hiarrthóirí iarratas a dhéanamh chuig an Comhairle Contae nó chuig an CGO agus aistreofar iarratais go dtí an oifig chuí nuair a seolfar sonraí glactha an chúrsa ar aghaidh go dtí ceachtar den dá oifig.

Ba chóir do chónaitheoirí Chathair Phort Láirge dul i dteagmháil le:
Comhairle Cathrach Phort Láirge
Halla na Cathrach
Port Láirge
Guthán: (051) 309900

CGO Chathair Phort Láirge
30, The Mall
Port Láirge

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit