Bosca bruscair múirín
An bosca bruscair donn (orgánach)
Is le haghaidh aon bhia agus dramhaíola gairdín amháin atá an bosca bruscair donn, agus úsáidtear inneachar an bhosca bhruscair seo chun múirín a dhéanamh. Má chuirtear dramhaíl eile (go háirithe plaisteach) san araid bhruscair, seans go ndéanfaidh siad éilliú – rud a rachaidh i bhfeidhm ar an múirín críochnaithe. Má thagtar ar ábhair shalaithe san araid donn orgánach, ní bhaileofar í.
Tá cead agat bileoga páipéar nó málaí páipéir a úsáid chun dramhaíl bhia a chlúdach, ach ná úsáid gnáthphlaisteach in aon chúinse. Úsáid málaí inathchúrsáilte amháin, mar shampla Composac agus Biobag. Tá branda Composac ar fáil go forleathan sa chontae. Déan teagmháil le composacireland@hotmail.com nó glaoigh 051 820477.
Dramhaíl a cheadaítear i do bhosca bruscair donn:
Dramhaíl a cheadaítear i do bhosca bruscair donn:
- Fuíll bhia cistine
- Scríobthaí plátaí, torthaí agus glasraí
- Feoil, iasc, circeoil agus cnámha
- Málaí tae, fuíll chaife agus scagairí páipéir
- Aráin, cácaí agus brioscaí
- Anraithí agus anlainn
- Uibheacha, táirgí déirí agus seanbhia – ní pacáistiú plaisteach
- Naipcíní páipéir agus tuáillí páipéir
- Málaí ar féidir múirín a dhéanamh leo agus bileoga páipéar
- Cairtchlár nó páipear a bhfuil bia air – ní páipéar brataithe
- Fuílligh phlandaí, craobhóga beaga, bearrthaí féir agus duilleoga
- Bláthanna gearrtha, seanphlandaí, caonach agus fiailí (gan fhiailicíd)
- Scuabacháin urláir
- Gruaig daoine agus peataí
- Clúidíní inbhithmhillte
Leideanna úsáideacha chun cabhrú leat
- Má bhainistíonn tú do bhosca bruscair donn i gceart, ní bheidh aon fhadhbanna agat.
- Cuir amach do bhosca bruscair gach seachtain bhailithe (má tá sé lán nó nach bhfuil)
- Clúdaigh dramhaíl bhia le dhá bhileog pháipéar chun cuileoga a dhíspreagadh agus chun smacht a choimeád ar bholaithe
- Coimeád do bhosca bruscair i limistéar a bhfuil scáth ann
- Cuir bileoga cairtchláir ag taobhanna agus bun an bhosca bruscair chun é a choimeád glan
- Cabhraíonn ábhair dhoinn ar nós duilleog, tuí, ábhair adhmaid nó féar tirim smacht a choimeád ar bholaithe
- Málaí ar féidir múirín a dhéanamh leo: is féidir iad seo a úsáid – tóg mar shampla na brandaí Biobag agus Composac.
- Tabhair faoi deara gur málaí ar féidir múirín a dhéanamh leo is ea an t-aon saghas málaí a cheadaítear.