An Scéim Tharscaoilte

Tá an Scéim Tharscaoilte ann chun cabhrú le daoine an muirear seasta le haghaidh bhailiú dramhaíola a íoc nuair nach chuimsíonn a n-ioncam teaghlaigh ach na ranníocaíochtaí leasa shóisialaigh a liostáiltear thíos.

• Liúntas míchumais
• Cúnamh dífhostaíochta
• Pinsean seanaoise chomh maith le liúntas maireachtála aonair
• Íocaíocht fhorlíontach leasa ó bhord sláinte
• Sochar banchéile thréigthe
• Liúntas do chúramóirí
• Pinsean na ndall
• Liúntas réamhscoir

Tabhair faoi deara le do thoil go gcloífear leis na critéir thuas go docht.

Ta sé tábhachtach go gcinnteoidh gach iarrthóir go gcomhlíonann sé/sí na critéir cháilíochta. Ní cháileoidh aon iarratas nach bhfuil áirithe i gceann de na catagóirí thuas.
* Pinsinéirí seanaoise: tabhair faoi deara le do thoil go mbainfidh an tarscaoileadh le pinsin ranníocaíocha agus pinsin neamhrannaíocha araon, nuair atá an faighteoir ag fáil liúntas maireachtála aonair chomh maith.

Tá gá foirm iarratais do tharscaoileadh a líonadh isteach go bliantúil – baineann sé seo le gach iarrthóir. Glaoigh orainn le do thoil ag 058 20846 chun foirm iarratais do 2008 a fháil.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit