Glactar saor is aisce leis na rudaí seo a leanas ó shealbhóirí tí:

Glactar saor is aisce leis na rudaí seo a leanas ó shealbhóirí tí:

  • Gloine
  • Earraí leictreonacha, mar shampla cuisneoirí, cócaireáin, ríomhairí agus mar sin de.
  • Feadáin fhluaraiseacha
  • Olaí cócaireachta fuíll

Cá bhfuil na hionaid?

Cá bhfuil na hionaid?

  • Ionad athchúrsála Dhún Garbhán, Baile na Muc, Dún Garbhán. Guthán: 058 43358
  • Ionad athchúrsála na Trá Móire, Bóthar na Trá, Trá Mhór. Guthán: 051 330022
  • Ionad athchúrsála na Leasa Móire, Townspark Thoir, Lios Mór. Guthán: 058 53585

Uaireanta oscailte gnácha
Luan go hAoine 9 r.n. go dtí 1 i.n. agus 1.30 i.n. go dtí 5 i.n.; Satharn 9 r.n go dtí 1 i.n.

Ní ghlactar mar íocaíocht ach le lipéid a bhaineann le hionaid athchúrsála de chuid Chomhairle Contae Phort Láirge

€30.00 do lipéad an na n-ionad athchúrsála (dearg) nó €7.00 do lipéad bhailiú dramaíola orgánaí (donn)

Níl na lipéid seo ar fáil ag na hionaid athchúrsála agus ba cheart iad a cheannach roimh ré. Taispeántar uasmhéid na leantóirí. Dá bhrí sin má tá do leantóir níos faide ná seacht dtroigh, measfar gur leantóir meánach atá ann fiú mura bhfuil sé ach dhá throigh ar leithead!

  • Dramhaíl tí (dramhaíl a chuirtear amach de ghnáth le haghaidh bailithe).
    €7.00 an mála – lipéad amháin bosca bruscair doinn do gach mála)

  • Carr/eastát/jeep
    €30.00 – lipéad amháin de chuid an ionaid athchúrsála – dearg

  • Veain bheag
    €60.00 – dhá lipéad de chuid an ionaid athchúrsála – dearg

  • Veain mhór (Hiace, Transit agus mar sin de)
    €120.00 – ceithre lipéad de chuid an ionaid athchúrsála – dearg

  • Leantóir beag – seacht dtroigh (fad), ceithre throigh go leith (leithead), dhá throigh (airde)
    €60.00 – dhá lipéad de chuid an ionaid athchúrsála – dearg

  • Leantóir meánach – ocht dtroigh go leith (fad), cúig throigh (leithead), ceithre throigh (airde)
    €120.00 – ceithre lipéad de chuid an ionaid athchúrsála – dearg

  • Leantóir mór – deich troigh (fad), sé throigh (leithead), seacht dtroigh (airde)
    €180.00 – sé lipéad de chuid an ionaid athchúrsála – dearg

Ní ghlactar le leantóirí níos mó ná seo.

Glactar le dramhaíl thirim inathchúrsáilte gan aon chostas breise – agus caithfidh sí a bheith i malaí réamhíoctha athchúrsála de chuid na Comhairle.

Dramhaíl ghairdín amháin

  • Do mhála
    €7.00 an mála – lipéad amháin bosca bruscair doinn do gach mála

  • Do leantóir, suas go dtí uasmhéid de deich troigh (fad), sé throigh (leithead), seacht dtroigh (airde)
    €60.00 – dhá lipéad de chuid an ionaid athchúrsála – dearg
wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit