|
Contae Phort Láirge, Eire
|
||
| Tá tú anseo Baile > Seirbhísí > Bainistiú Dramhaíola > Seirbhísí dramhaíola > Dramhaíl ghuaiseach timpeall an tí | ||
Dramhaíl ghuaiseach timpeall an tíDramhaíl ghuaiseach timpeall an tíIs féidir dramhaíl ghuaiseach tí (DGT) a thabhairt go dtí aon ceann den trí ionad athchúrsála (Dún Garbhán, Trá Mhór, Lios Mór). De réir an Oifigeach Oideachais um Chomhshaol de chuid Chomhairle Contae Phort Láirge “tá réimse leathan ábhar i dteaghlaigh a bhfuil sé ar a gcumas truailliú comhshaoil a dhéanamh mura bhfaightear réidh leo mar is cuí. Leis na háiseanna nua seo, tá sé mar chuspóir ag an gComhairle dramhaíl ghuaiseach a aitreoú ó líonadh talún agus tuiscint a mhéadú mar gheall ar na deiseanna ar gá dúinn go léir iad a chosc chun an sruth deacair dramhaíola seo a laghdú.” Tá Plean Náisiúnta Bhainistíocht Dramhaíola Guaisí de chuid an EPA tar éis treocht mhéadaitheach a thaifeadadh mar gheall ar cur amach dramhaíola guaisí in Éirinn le déanaí. Os rud é gur fearr cosc ná leigheas, tá an Chomhairle tar éis bileog eolais faoi leith a thabhairt amach, bileog do shealbhóirí tí a léiríonn roghanna eile is féidir a úsáid le haghaidh cuid de na táirgí glantacháin tocsainigh. Tá an bhileog eolais seo um dhramhaíl ghuaiseach ar fáil le híoslódáil ar an leathanach foilseacháin ar thaobh na láimhe clé. |
||
| Add | Edit | ||