|
Contae Phort Láirge, Eire
|
||
| Tá tú anseo Baile > Seirbhísí > Bóithre > An tAthbhreithniú ar an Luasteorainn | ||
An tAthbhreithniú ar an LuasteorainnTweetDréacht: Fodhlithe maidir le Luasteorainneacha faoi Leith do 2008 de Chuid Chomhairle Contae Phort LáirgeTá sé ar intinn ag Comhairle Contae Phort Láirge -- de réir na gcumhachtaí atá aici de bharr Ailt 9 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2004 (Uimh. 44 de 2004) -- agus le haontú an Údaráis um Bóithre Náisiúnta (maidir le haon togra a bhaineann le bóithre náisiúnta), tá sé ar intinn ag an gComhairle fodhlithe a dhéanamh mar gheall ar luasteorainneacha speisialta laistigh de limistéar riaracháin Chontae Phort Láirge. Séard atá ar intinn ag an gComhairle agus na fodhlithe speisialta seo á ndéanamh, ná luasteorainneacha faoi leith a chur chun cinn ar bhóithre poiblí de chuid an Chontae (mar a chuirtear síos orthu sna fodhlithe) -- ar mhaithe le bainistiú maith tráchta agus ar mhaithe le sábháilteacht ar bhóithre. Tá na fodhlithe dréachta faoi luasteorainneacha (246kb) ar fáil le híoslódáil, agus tá na léarscáileanna a ghabhann leo ar fáil le haghaidh cigireachta ar an gcéad leathaanch eile agus i gcaitheamh uaireanta oifige ón gCéadaoin 30 Eanáir 2008 go dtí an Aoine 29 Feabhra 2008, ag na hionaid seo a leanas:
Féachfaidh an Chomhairle ar aon aighneachtaí nó tuairimí, i scríbhinn, maidir leis nma fodhlithe dréachta. Ba chóir aighneachtaí a chur ar aghaidh go dtí an tUasal Ray Moloney, ISF, Iompar agus Infreastruchtúr, Comhairle Contae Phort Láirge, na hOifigí Cathartha, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge, nó tríd an ríomhphost go dtí speedlimitreview@waterfordcoco.ie agus ba chóir go bhfaighfear iad seo roimh 5.00 i.n. ar an Aoine 14 Márta 2008. |
||
| Add | Edit|Direct Edit | ||