Tá cathú orainn, ach níl an t-ábhar seo ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair.

Full Documents Now Available

You can now view all the documentation associated with the N25 Dungarvan Bypass. It includes the Route Selection Report (in Word and PDF), The Enviromental Report (divided into chapters), the Traffic Assessment, the Cost Benefit Analysis report, the Road Safety Report and all associated Figures and Drawings.

N25/E30 Seachbhóthar Amuigh Dhún Garbhán

Príomhbhealach Náisiúnta is ea an N25 ó Chorcaigh go Calafort Ros Láir, a cheanglaíonn áiteanna ar nós Corcaigh, Mainistir na Corann, Eochaill, Dún Garbhán, Port Láirge, Ros Mhic Treoin, Loch Garman agus Ros Láir, agus a nascann chomh maith le gréasáin de bhóithre náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla eile. Mar chuid de Chonair an Atlantaigh, tá Comhairle Contae Phort Láirge, i gcomhpháirtíocht leis an Údarás um Bóithre Náisiúnta, ag cur scéime chun cinn chun uasghrádú a dhéanamh ar thart ar 16clm de Phríomhbhealach Náisiúnta an N25/E30 thart thimpeall ar Dhún Garbhán.

Is féidir leat PDF den doiciméad atá ar thaispeáint phoiblí a íoslódáil anseo - Taispeántas Poiblí EPR (adobe .pdf, 3,936 kbs) .

Tosnaíonn an bealach seo, a ritheann ón iarthar i dtreo an oirthir, ar an N25 mar atá i mbaile fearainn Bharra na Laidhre, thart ar 5clm siar ó dheas ó Dhún Garbhán. Leanann sé ar aghaidh ó thuaidh ansan. Buaileann an bealach leis an R672 i mbaile fearainn Bhaile Mhic Mhág Theas agus níos faide ar aghaidh ar an N72. Leanann an bealach ar aghaidh ansan soir ó thuaidh. Ceanglaíonn sé leis an N25 mar atá i mbaile fearainn an tSeanbhaile thart ar 7clm soir ó thuaidh ó bhaile Dhún Garbhán.

Tá sé mar chuspóir ag an gComhairliúchán Pobail seo tuairimí a lorg ar an mBealach is Dealraithí a Roghnófar. Is ceart tabhairt faoi ndeara nach bhfuil an bealach seo socraithe nó ceaptha go buan agus d’fhéadfadh sé a bheith faoi réir athruithe le linn céimeanna deartha sa todhchaí. Is féidir do thuairimí a thaifead tríd an cheistneoir a líonadh isteach agus a chur ar ais chuig an seoladh ar chúl an leathanaigh.

An Gá atá leis an Scéim

Tá an gá atá leis an N25/E30 a uasghrádú, mar chuid de Chonair an Atlantaigh, aitheanta i Transport 21, sa Phlean Forbartha Náisiúnta, sa Straitéis Spáis Náisiúnta agus i bPleananna Forbartha Bhaile Dhún Garbhán agus Chontae Phort Láirge.

Carrbhealach singil is ea an chuid seo den N25, le gualainn chrua de leithid éagsúla agus lánaí malla. Is beag deis atá ann chun scoitheadh go sábhálta de bharr ailínithe, acomhal beaga, rochtana príobháideacha agus trácht trom le linn tréimhsí áirithe den lá. Bheadh débhealach níos sábhála agus am taistil a bheadh i bhfad níos gaire mar thoradh air. Tá an chuid den N25/E30 ag an Paidhc aitheanta ag an Údarás um Bóithre Náisiúnta mar láthair ina mbíonn an-chuid timpistí (NRA High Accident Locations, 1996-2000). Tá an líon feithiclí atá tuartha, soir agus siar ó Dhún Garbhán, ag leibhéil atá níos mó ná an gnáthchumas atá ceaptha don trasghearradh den N25/E30 atá ann chun an Leibhéal Seirbhíse is gá a thabhairt. Dá éis seo, tá an Leibhéal Seirbhíse níos lú ná an t-íosmhéid atá leagtha síos i bpolasaí an rialtais sa National Road Needs Study agus sa Phlean Forbartha Náisiúnta (2007-2013) le déanaí. Caithfidh Seachbhóthar Amuigh N25/E30 Dhún Garbhán a bheith ag caighdeán débhealaigh chun an leibhéal seirbhíse ar an ngréasán a bhaint amach, chomh maith le polasaí na Roinne Iompair do Chonair an Atlantaigh go gcaithfidh gach roinn nua atá le tógaint ar an mbealach a bheith déach.

Roghanna Pléite

Route Option Corridors Considered Leanann na roghanna ar fad a deineadh scagadh orthu an rianú ginearálta céanna. Ag taisteal ón iarthar i dtreo an oirthir, tosaíonn siad ar an N25/E30 mar atá i mbaile fearainn Bharra na Laidhre, thart ar 5 clm siar ó dheas ó bhaile Dhún Garbhán. Téann na bealaigh ó thuaidh ansan, ag trasnú Abhainn an Bhroice. Trasnaíonn na bealaigh an N72 agus an R672, sula leanann siad ar aghaidh ó thuaidh, soir nó soir-ó-thuaidh, ag braith ar cén rogha atá i gceist. Trasnaítear trí abhainn eile, an Choilligeán, Gleann Doimhin agus Abhainn Dealgan, sula dtagann na bealaigh ar ais chomh fada leis an N25/E30 mar atá, ag baile fearainn an tSeanbhaile, thart ar 7 clm soir ó thuaidh ó bhaile Dhún Garbhán nó in áit ar a dtugtaí an Paidhc.

Seo thíos achoimre ar na bealaigh éagsúla—faid, saghas agus trasbhealaigh bhóithre agus aibhneacha.

Rogha Bealaigh 1 --- Sé faid an rogha bhealaigh seo, uasghrádú go dtí débhealach saghas 2 den N25/E30 mar atá idir Bharr na Laidhre agus Bearna na Gaoithe san áireamh, ná 15.59 clm agus trasnóidh sé 17 mbóthar áitiúla, bóthar réigiúnach
amháin, bóthar náisiúnta den dara grád amháin agus 4 abhainn.
Rogha Bealaigh 2 --- Sé faid an rogha bhealaigh seo, uasghrádú go dtí débhealach saghas 2 den N25/E30 mar atá idir Bharr na Laidhre agus Bearna na Gaoithe san áireamh, ná 16.61 clm agus trasnóidh sé 18 mbóthar áitiúla, bóthar réigiúnach
amháin, bóthar náisiúnta den dara grád amháin agus 4 abhainn.
Rogha Bealaigh 3 --- Sé faid an rogha bhealaigh seo, uasghrádú go dtí débhealach saghas 2 den N25/E30 mar atá idir Bharr na Laidhre agus Bearna na Gaoithe san áireamh, ná 16.75 clm agus trasnóidh sé 17 mbóthar áitiúla, bóthar réigiúnach
amháin, bóthar náisiúnta den dara grád amháin agus 4 abhainn.
Rogha Bealaigh 4 --- Sé faid an rogha bhealaigh seo, uasghrádú go dtí débhealach saghas 2 den N25/E30 mar atá idir Bhearna na Gaoithe agus Barr na Laidhre agus idir An Gearán Bán agus an Seanbhaile, ná 16.52 clm agus trasnóidh sé 15 bhóthar áitiúla, bóthar réigiúnach amháin, bóthar náisiúnta den dara grád amháin agus 4
abhainn.
Rogha Bealaigh 5 --- Sé faid an rogha bhealaigh seo, uasghrádú go dtí débhealach saghas 2 den N25/E30 mar atá idir Bhearna na Gaoithe agus Barr na Laidhre agus idir An Gearán Bán agus an Seanbhaile, ná 17.96 clm agus trasnóidh sé 14 bhóthar áitiúla, bóthar réigiúnach amháin, bóthar náisiúnta den dara grád amháin agus 4 abhainn.
Rogha Bealaigh 6 --- Sé faid an rogha bhealaigh seo ná thart ar 15.88 clm agus trasnóidh sé 17 mbóthar áitiúla, bóthar réigiúnach amháin, bóthar náisiúnta den dara grád amháin agus 4 abhainn.
Rogha Bealaigh 6_1 --- Sé faid an rogha bhealaigh seo, uasghrádú go dtí débhealach saghas 2 den N25/E30 mar atá idir Bhearna na Gaoithe agus Barr na Laidhre ná thart ar 15.84 clm agus trasnóidh sé 18 mbóthar áitiúla, bóthar réigiúnach amháin, bóthar náisiúnta den dara grád amháin agus 4 abhainn.
Rogha Bealaigh 7 --- Sé faid an rogha bhealaigh seo, uasghrádú go dtí débhealach saghas 2 den N25/E30 mar atá idir An Gearán Bán agus an Seanbhaile, ná 16.81 clm agus trasnóidh sé 15 bhóthar áitiúla, bóthar réigiúnach amháin, bóthar náisiúnta den dara grád amháin agus 4 abhainn.
Rogha Bealaigh 8 --- Sé faid an rogha bhealaigh seo, uasghrádú go dtí débhealach saghas 2 den N25/E30 mar atá idir An Gearán Bán agus an Seanbhaile, ná 18.23 clm agus trasnóidh sé 14 bhóthar áitiúla, bóthar réigiúnach amháin, bóthar náisiúnta den dara grád amháin agus 4 abhainn.
Rogha Bealaigh 9 --- Sé faid an rogha bhealaigh seo, uasghrádú go dtí débhealach saghas 2 den N25/E30 mar atá idir Bhearna na Gaoithe agus Barr na Laidhre agus idir An Gearán Bán agus an Seanbhaile ná 17.53 clm agus trasnóidh sé 16 bhóthar áitiúla, bóthar réigiúnach amháin, bóthar náisiúnta den dara grád amháin agus 4 abhainn.
Rogha Bealaigh 10 --- Sé faid an rogha bhealaigh seo, uasghrádú go dtí débhealach saghas 2 den N25/E30 mar atá idir Bhearna na Gaoithe agus Barr na Laidhre agus idir An Gearán Bán agus an Seanbhaile ná 17.67 clm agus trasnóidh sé 15 bhóthar áitiúla, bóthar réigiúnach amháin, bóthar náisiúnta den dara grád amháin agus 4
abhainn.

Cén Fáth Rogha 6_1

Tá Rogha Bealaigh 6_1 san Iomlán (An Chonair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar) cinntithe mar an chonair bhealaigh is oiriúnaí d’fhorbairt na scéime, tar éis mheasúnuithe i dtéarmaí chomhshaoil, tionchair innealtóireachta, tráchta agus
eacnamaíochta. Emerging Preferred Route Corridor

Tógadh an-chuid ghnéithe éagsúla san áireamh le linn an mheasúnaithe ar an rogha bealaigh, ina measc, gan iad a bheith in aon ord faoi leith:
  • Seandálaíocht agus Oidhreacht Thógtha
  • Caighdeán an Aeir, Torann agus Creathanna
  • Tírdreach agus Físeach
  • Hidreolaíocht agus Draenáil
  • Gnéithe Innealtóireachta
  • Úsáid Talún agus Tógáil Talún, san áireamh tá tionchair ar Thalmhaíocht, ar Phleanáil, ar Shocheacnamaíocht, ar Chónaithe agus ar Mhaoin eile.
  • Geolaíocht agus Hidrigeolaíocht
  • Eiceolaíocht, Timpeallacht Nádúrtha agus Bithéagsúlacht
  • Sruthanna Tráchta agus Réamháisnéisí
  • Eacnamaíocht na Scéime
  • Sábháilteacht ar nós an acmhainneacht atá ann timpistí a laghdú agus slándáil choisithe agus rothaithe.
Tá an Tuairisc ar Roghnú an Bhealaigh, ina bhfuil torthaí na measúnuithe, á tabhairt chun críche faoi láthair. D’fhéadfadh an Chonair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar a bheith faoi réir athruithe le linn chéimeanna deartha sa todhchaí.

Measúnú Comhshaoil: tá sé soiléir, ar chúiseanna eiceolaíochta, gur dealraitheach go mbeidh tionchair shuntasacha ag Bealaigh 4, 7, 9 agus 10, mar sin níor cheart dul ar aghaidh leis an ngrúpa bhealaigh seo. As na bealaigh atá fágtha, níor aithníodh aon bhacanna móra leo, agus d’fhéadfaí gach bealach a thabhairt ar aghaidh i gcomhair bhreithnithe  ag céim an EIA (Measúnacht Tionchair Timpeallachta). I dtéarmaí mhór-thionchar ar an timpeallacht, gníomhaigh rogha bealaigh 6_1 is fearr.

Measúnú Innealtóireachta: cuireann an measúnú innealtóireachta in iúl go bhfuil féidearthacht le gach ceann de na 11 rogha bealaigh i dtéarmaí tógála. Tríd is tríd, measadh gurb é rogha bealaigh 6_1 an bealach is dealraithí a roghnófar tar éis an mheasúnuithe.

Measúnú Eacnamaíochta:  cuireann an measúnú eacnamaíochta in iúl go bhfuil an Cóimheas idir Tairbhe agus Costas dearfach is fearr ag rogha bealaigh 6_1. Mar sin, tá sé imharthana ó thaobh eacnamaíochta de.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit