Sábháilteacht ar Bhóithre: Tabhairt isteach
Tugann an leathanach seo roinnt chomhairle simplí faoi shábháilteacht ar bhóithre do thiománaithe, coisithe agus rothaithe.
Tiománaithe:
- Tiomáin i gcónaí ag an luas cuí do na cúinsí atá ann.
- Ná dranntiomáin. Coimeád spás sábháilte idir tusa agus an fheithicil os do chomhair amach.
- Ná tiomáin AG AON UAIR agus tú faoi thionchar alcóil, drugaí nó má tá tú tuirseach.
- Caith crios sábhála an t-am ar fad agus cinntigh go bhfuil a c(h)rios féin á chaitheamh ag gach aon paisinéir eile.
- Cuir chun bóthair chomh luath agus is féidir chun trácht trom a sheachaint.
- Tóg sos go minic i dtreo tuirse, agus traochadh tiománaí, a sheachaint.
- Bí ag súil leis an rud gan súil leis!
Coisithe:
- Siúil ar chosán seachas amuigh ar an tsráid.
- Siúil ar thaobh na láimhe deise den bhóthar – in éadan an tráchta mura bhfuil cosáin ann.
- Má tá tú amuigh ar bhóthar tuaithe san oíche beir tóirse leat chun go bhfeicfidh tú níos fearr agus chun go bhfeicfear níos fearr thú chomh maith.
- Caith éadaí geala agus bandaí muinchille frithchaiteacha – nó crios "Sam Brown."
- Seachain an-iomarca alcóil.
Rothaithe:
- Rothaigh ar an tsráid agus ní ar an gcosán.
- Rothaigh ar thaobh na láimhe deise den bhóthar agus imigh in éineacht leis an trácht.
- Amuigh ar bhóithre tuaithe san oíche úsáid soilse frithchaiteora idir chun tosaigh agus ar cúl chun go bhfeicfidh tú níos fearr agus chun go bhfeicfear níos fearr thú.
- Caith éadaí geala agus bandaí muinchille frithchaiteacha – nó crios "Sam Brown."