Athrú Seolta

Má tá tú ar chlár na dtoghthóirí agus d'aistrigh tú áit chónaithe ó thoghcheantar Dála nó údaráis áitiúla go dtí ceann eile ba chóir duit foirm faoi leith a úsáid
RFA3.

Iarratas le bheith san áireamh i bhForlíonadh 2009-2010 de chuid Chlár na dToghtóirí -- RFA3 Athrú Seolta (adobe .pdf, 60 kbs)

Is féidir le duine atá atá ar Chlár na dToghthóirí agus aistríonn áit chónaithe ó thoghcheantar Dála nó údaráis áitiúla amháin go dtí ceann eile, is féidir leo iarratas a dhéanamh i gcomhair iontrála san fhorlíonadh ag a seoladh nua, fad is a thug siad údarú don údarás cláraithe a n-ainm a bhaint ón gclár i leith a sheanseoladh.

Le bheith san áireamh san fhorlíonadh tar éis athrú seolta, ní mór duit a bheith:

  • Ar an gclár cheana féin i leith do sheanseoladh agus
  • I do chónaí ag an seoladh ag a bhfuil tú ag iarraidh bheith cláraithe.

Ní mór foirm faoi leith a bheith comhlíonta agus sínithe ag gach duine atá ag déanamh iarratais le bheith san áireamh san fhorlíonadh de thoradh athrú seolta.
Chun moill ar d’iarratas a sheachaint, déan cinnte é a chomhlíonadh ina iomlán agus cuir é ar ais sa phost nó a thabhairt do:

Rannóg Chlár na dToghthóirí, na hOifigí Cathartha, Cé Dáibhéid, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit