Vótáil Phoist do Dhaoine faoi Mhíchumas

Má tá galar, nó míchumas, fisiciúil agat agus is mian leat vótáil tríd an bpost ó do bhaile, ba cheart anois duit áit a fháil ar an liosta vótálaithe poist... Caithfidh go bhfuil iad seo a leanas i gceist le do chás-sa:

  • Ní féidir leat, go pearsanta, imeacht go dtí an stáisiún vótála -- is rud é go bhfuil galar nó míchumas fisiciúil ag cur isteach ort, AGUS
  • Tá an dóchúlacht ann go mairfidh an galar nó míchumas atá ort i gcaitheamh an chláir atá i gceist.

Bain úsáid as Foirm (Dhátheangach) do Vótálaithe Poist PV1 (adobe .pdf, 82 kbs) -- agus seol ar ais é go dtí: Rannóg Chlár na dToghthóirí, na hOifigí Cathartha, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge ní níos déanaí ná 25 Samhain 2007 chun go mbeidh tú áirithe ar an liosta vótálaithe poist a bhaineann le clár na dtoghthóirí do 2007-2008.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit