Vótáil Phoist do Phríosúnaigh

Tá tú i dteideal cur isteach ar a bheith san áireamh ar liosta na vótálaithe post más rud é nach mbeidh tú ábalta freastal ar an ionad toghchánaíochta go pearsanta lá an vótála nó an reifrinn toisc go bhfuil tú i bpríosún, tar éis d'ordú cúirte a bheith tugtha.

Má tá tú i dteideal vótáil agus gur mhian leat a bheith san áireamh ar liosta na vótálaithe poist d'aon toghchán nó reifreann i gcaitheamh na tréimhse 2009-2010  tá gá duit an fhoirm RFG1-Supplement to postal voters list-Irish-Final (adobe .pdf, 48 kbs)  a chomhlíonadh -- tá sé ar fáil anseo le híoslódál -- agus ba chóir duit í a dhearbhú de réir na nótaí atá ar chúl na foirme.

Tá gá go bhfuil tú san áireamh ar chlár na dtoghthóirí chun cáiliú le haghaidh liosta na vótálaithe poist. Mura bhfuil tú ar an liosta cheana, ba cheart duit an fhoirm  RFA4 - Irish (adobe .pdf, 61 kbs) Is é seo an forlíonadh ar chlár na dtoghthóirí agus ba chóir di a bheith in éineacht leis an bhfoirm RFG.

Tá foirmeacha iarratais ar fáil i ngach príosún sa Stát, agus i láithreacha eile ar nós oifigí comhairlí cathrach/contae, stáisiúin Gardaí, leabharlanna poiblí agus oifigí poist; i gcaitheamh gnáthuaireanta gnó.

Roimh thoghcháin nó reifreann, cuirfear páipéar ballóide agus foirm a bhaineann le dearbhú féiniúlachta ar aghaidh go dtí na vótálaithe poist atá sa phríosún. Chomh luath agus atá an dearbhú "dearbhaithe" ag finné -- oifigeach cuí de chuid an phríosúin -- is féidir leis an toghthóir vótáil ach an páipéar ballóide a mharcáil (faoi rún) agus ansin ba chóir í a thabhairt ar ais go dtí an t-oifigeach i gceist: déanfar an t-oifigeach socruithe go bpóstáilfear go dtí an ceann comhairimh í.

Tá gá go bhfaighidh an t-údarás áitiúil iarratais chomhlíonta.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit