|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > Comhshaol > Bruscar > Bruscar agus an Dlí | ||
An Dlí a Chur i bhFeidhmTá sé ar eolas againn go léir gur fadhb is ea an bruscar – ach cad a deir an dlí faoi cé atá freagrach as Éire a choimeád glan? Áiteanna PoiblíMá tá tú freagrach as áit a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi, mar shampla scoil, halla baile, páirc phoiblí nó stáisiún bus, tá ort í a choimeád glan. Is cuma conas a chuaigh an bruscar ann ar an gcéad dul síos!Cad mar Gheall ar Réadmhaoin Príobháideach?Táimid go léir freagrach as aon limistéar lasmuigh ar ár réadmhaoin príobháideach atá le feiceáil ó áit phoiblí, táimid freagrach as an limistéar sin a choimeád saor ó bhruscar. Baineann sé seo le háititheoirí agus le húinéirí araon.Limistéir a bhfuil Bruscar AnnNuair atá bruscar tar éis neartú ar aon thalamh atá le feiceáil ó áit phoiblí, eiseoidh an Oifig Rialú Bruscair fógra go dtí an úinéir nó go dtí áititheoir na talún sin á iarraidh air/uirthi fáil réidh leis an mbruscar go tapa. Tabharfaidh a leithéid d'fhógra comhairle chomh maith faoi conas is fearr cosc a chur an an rud céanna a tharlú arís. Mura bhfuil an t-úinéir nó an t-áititheoir ábalta nó toilteanach an limistéar a ghlanadh suas, déanfaidh an Oifig Rialú Bruscair cad atá riachtanach agus aisghabhfaidh sí costais ón chiontóir. Dumpáil MhídhleathachNuair is féidir sainiúlacht úinéir dramhaíola atá dumpáilte go mídhleathach a bhunú, beidh míniúchán le déanamh ag an duine sin is cuma an bhfacthas é/í agus é/í ag dumpáil nó nach bhfacthas. Tá an t-údarás ag an Oifig Rialú Bruscair achainí ar shealbhóir tí nó ar ghnó cur in iúl conas atá siad ag fáil réidh lena gcuid dramhaíola, go háirithe mura bhfuil siad ag baint úsáide as seirbhís aitheanta. Más rud é nach bhfuil tú ag baint úsáide as an seirbhís bhailiúcháin ba cheart duit do chuid dramhaíola a thabhairt go dtí suíomh dhiúscairt dramhaíola de chuid na Comhairle Contae. Ná lig an aon am do thríú páirtithe do chuid dramhaíola a bhreith leo más rud é nach bhfuil tú cinnte conas a gheofar réidh léi. Déanfaidh an Oifig Rialú Bruscair gach beart agus is gá i gcoinne siúd a chleachtann dumpáil mhdhleathach. Imeachtaí MóraCuireann an tAcht Bruscair iallach ar eagraithe imeachtaí móra a dhéanamh cinnte go bhfuil bearta rialú bruscair i bhfeidhm acu ag an ionad agus sa limistéar máguaird roimh an imeacht, i gcaitheamh an imeachta agus tar éis an imeachta. Baineann sé seo le gach imeacht a mbeadh tóir mhór air. Déan teagmháil le do thoil leis an Oifig Rialú Bruscair le haghaidh breis eolais.Asraonta Soghluaiste BiaTá iallach ar asraonta den saghas seo a dhíolann mearbhia, deochanna, táirgí talmhaíochta agus mar sin de boscaí bruscair oiriúnacha a chur ar fáil i gcóngar. Chomh maith leis seo, tá orthu aon bhruscar a ghlanadh suas a éiríonn as úsáid na n-asraonta laistigh de gha de chéad méadar ón asraon féin.Salú ag MadraíTá salú ag madraí idir ghránna agus bhaolach. Tá ar úinéirí madraí anois dramhaíl de chuid a bpeataí a bhaint as an áit i ngach áit phoiblí agus tá orthu chomh maith fáil réidh léi mar is cuí. Tá an iallach seo i bhfeidhm sna háiteanna seo a leanas: • Bóithre agus cosáin poiblí Cur Suas Billí agus BileogTá cosc ar bhileoga bolscaireachta a chur ar scáthanna gaoithe carranna. Cuireann an dlí cosc chomh maith ar chur suas póstaer nó comharthaí ar phoil nó ar struchtúir eile in áiteanna poiblí mura bhfuil cead i scríbhinn agat ón úinéir. Déan teagmháil le do thoil leis an Oifig Rialú Bruscair le haghaidh sonraí.Bailiú DramhaíolaIs féidir leis a lán bruscair a theacht ann lá na mboscaí bruscair. Ná fhág málaí nó boscaí in aice le d'araid rothaí agus ná fhág amach dramhaíl le bailiú ach ar maidin an bhailiúcháin. Má fhágtar amach í go fadtéarmach, tarraingeoidh sí an saghas mícheart airde. Agus ná déan dearmad - cion is ea é do dhramhaíl tí a chur de láimh i mboscaí bruscair na sráideanna.Cé a Chuireann na Dlíthe Bruscair i bhFeidhmTá Comhairle Contae Phort Láirge freagrach as bruscar a chosc agus a rialú, agus as dlíthe bruscair a chur i bhfeidhm. Tá an chumhacht ag na Gardaí chomh maith fíneálacha a ghearradh as cionta bruscair. Tá an Chomhairle freagrach as áiteanna poiblí a choimeád saor ó bhruscar chomh fada agus is féidir. Cuimsíonn sé seo cláir ghlantacháin a chur ar fáil agus cur ar fáil agus folmhú boscaí bruscair. |
||
| Add | Edit | ||