An Táille ar Mhálaí Plaisteacha

Ó tugadh isteach í ar 4 Márta 2002 bhí tionchar láithreach ag an táille ar mhálaí plaisteacha ar iompar custaiméirí -- thar oíche, laghdaigh úsáid per capita mhálaí plaisteacha ó thart ar 328 mála go dtí 21 mála!

Tá deathionchar tar éis titim amach ó thaobh an chomhshaoil chomh maith -- tá bruscar málaí plaisteacha tar éis titim níos mó na 95%.

Tá teacht isteach (airgead) de bharr an táille tar éis méadú le déanaí -- agus léiríonn meastacháin a chuir an Phríomhoifig Staidrimh ar fáil gur mhéadaigh úsáid mhálaí plaisteacha go dtí 30 mála per capita i gcaitheamh 2006.

Tá sé fíorthábhachtach go gcoimeádfar an deathionchar atá ag an táille ar an gcomhshaol, agus chun laghdú breise in úsáid mhálaí plaisteacha a bhaint amach, méadófar an táille go dtí an uasmhéid, 22c.

Conas a Oibríonn an Táille

  • Tá ar bhaill den phobal a bhfuil earraí seachas torthaí úra, glasraí agus feoil srl. á gceannach acu agus a bhfuil sé ag teastáil uathu úsáid a bhaint as mála plaisteach chun a gceannacháin a bhreith leo, tá orthu táille a íoc sula bhfaighidh siad mála plaisteach ón miondíoltóir.
  • Tá ar mhiondíoltóirí a ghearrann an táille ar a gcuid chustaméirí, tá orthu na táillí a mhiondealú ar na hadmhálacha a thugann siad dá gcustaméirí.
  • Níl aon fhoirmeacha i gceist.

An Táille a Chur i bhFeidhm

Cuireann Comhairle Contae Phort Láirge an táille i bhfeidhm faoi théarmaí an Ordaithe um Bainistiú Dramhaíola (Tobhach Comhshaoil) (Mála Plaisteach) (Leasú) (Uimh. 2) 2007.

Má thagtar ar mhiondíoltóir atá ag briseadh na rialachán seo nó nach n-íocann an táille do na Coimisinéirí Ioncaim, rachfar sa tóir air nó uirthi cosúil le neamhíoc cánacha, mar shampla, cur i bhfeidhm, imeachtaí sibhialta le haghaidh aisghabhála trí na cúirteanna agus ceangal tríú páirtí.

Gearáin

Tagann gearáin isteach don chuid is mó go díreach ón bpobal nó tríd an Roinn Chomhshaoil agus Rialtais Áitiúil.

Nuair a thagann gearán isteach téann an Cigire de chuid na Comhairle amach go dtí an miondíoltóir atá i gceist agus tugann sé/sí comhairle dó/di faoin táille agus faoi na riachtanais a chuireann na rialacháin ar mhiondíoltóirí.

Tugtar rabhadh i bhfocail don mhiondíoltóir cloí leis na rialacháin agus cuirtear ar a s(h)úile dó/di go dtiocfaidh an cigire ar ais go dtí an foirgneamh féachaint an bhfuil an miondíoltóir ag cloí leis na rialacháin. Cuirtear ar shúile an mhiondíoltóra go mbreithneoidh an Chomhairle ar ionchúiseamh faoi théarmaí na Rialachán Málaí Plaisteacha má tá an miondíoltóir fós ag briseadh na rialachán an dara uair.

Déanann Comhairle Contae Phort Láirge iniúchtaí randamacha ar mhiondíoltóirí cinntiú go bhfuiltear ag cloí leis an Ord um Bainistiú Dramhaíola (Tobhach Comhshaoil) (Mála Plaisteach) (Leasú) (Uimh. 2) 2007.

Má tá aon cheisteanna agat mar gheall ar an táille ar mhálaí plaisteacha déan teagmháil le do thoil le hElaine Hickey, Cur i bhFeidhm Comhshaoil, 058 21116.

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit