Cén fáth gur gá dom ceadúnas dramhaíola a fháil?

Is féidir le fáil réidh míchuí dramhaíola truailliú uafásach a dhéanamh agus, chomh maith, baol a chur an do shláinte an duine. Úsáidtear ceadúnais bhainistíocht dramhaíola chun cur de láimh dramhaíola laistigh de Chontae Phort Láirge a rialú.

Faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996 tá gá le ceadúnais dramhaíola – is é an GCC a eisíonn iad seo agus a dhéanann monatóireacht orthu.

Ní gá do cheadúnas d’aon ghníomh nach bhfuil, de réir an GCC, ach ina mionfhadhb. Cuireann na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cead), 1998 síos ce hiad na gníomhartha a bhfuil ceadúnas riachtanach dóibh agus cén t-eolas atá riachtanach, chomh maith, nuair is gá cur isteach ar cheann. Tá gach ceadúnas bailí le haghaidh bliana ar a laghad, suas go dtí uasmhéid de trí bhliana. Braitheann fad na bailíochta ar riachtanais féin an iarrthóra.

Conas a bhfaighim ceadúnas?

Ba cheart cur isteach ar cheadúnas bhainistíocht dramhaíola sula thosnaíonn aon obair. Ba cheart ag an am céanna teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Pleanála chun cinntiú an bhfuil gá le cead pleanála os rud é gur dhá phróiseas éagsúil atá i gceist agus níl baint díreach a ceann acu leis an gceann eile.

Mura bhfuil taithí ag an iarrthóir ar conas cur isteach ar cheadúnas bhainistíocht dramhaíola, molaimid go bhfaighfear comhairleach comhshaoil, nó eagraíocht cuí eile, chun an fhorim iarratais a chomhlíonadh.

Ba cheart táille €254.00 a chur isteach in éineacht leis an bhfoirm.

Tá sé ar intinn againn leis an bhfoirm iarratais go gcuirfear an t-eolas cuí ar fáil do Rannóg Comhshaoil Chomhairle Contae Phort Láirge. Baineann an t-eolas seo le conas inghlacthacht na gníomhaíochta a mheas, agus áiríonn sé an t-eolas seo a leanas:

•    Nádúr na gníomhaíochta, na dramhaíola agus na háise
•    Sonraí a bhaineann leis an monarcha, le modhanna, le próisis agus le nósanna imeachta a bhaineann le hoibriú na gníomhaíochta
•    Suíomh na háise a mbaineann an t-iarratas léi
•    Méid agus nádúr na dramhaíola atá i gceist

Cá bhfaighidh mé an fhoirm?

Íoslódáil an Fhoirm do Cheadúnas Bhainistíocht Dramhaíola ón leathanach foirmeacha ar thaobh na láimhe clé. Nó is féidir leat cóip den fhoirm do Cheadúnas Bhainistíocht Dramhaíola a fháil ón Oifig Rialú Comhshaoil ach teagmháil a dhéanamh le 058 21113

Íoslódáil fógra páipéir samplach le haghaidh foclaíochta cirte ón leathanach foilseachán ar thaobh na láimhe clé. Déan teagmháil leis an Oifig Rialú Comhshaoil le haghaidh liosta de pháipéir atá sé ceadaithe fógra a fhoilsiú iontu.

Reachtaíocht maidir le Ceadúnais Dramhaíola

An tAcht um Bainistiú Dramhaíola, 1996-2003
SI Uimh. 165 de na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíol (Cead), 1998

Costais atá i gceist

Iarratas ar cheadúnas a chur isteach: €254

•    An t-iarratas a mheas agus a bhreithniú
•    An tÁitreabh a scrúdú
•    Idirchaidreamh a bheith agat le hoibritheoirí
•    Coinníollacha a cheapadh

An clár


Coimeádann an Rannóg Chur i bhFeidhm Comhshaoil bunachar sonraí de gach ceadúnas bhainístíocht dramhaíola a eisíodh.

Déan teagmháil leis an Rannóg seo ar 058 21113.

Tá cathú orainn, ach níl an t-ábhar seo ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair.

Waste Permit Register

The waste permit register for County Waterford can be viewed here:

Waste Permit Register (word.doc, 54 kbs)      

 

Tá cathú orainn, ach níl an t-ábhar seo ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair.

Annual Environmental Report (Waste Permit)

Annual Environmental Report (Waste Permit) (Annual Environmental Report, 846 kbs)  

 

 

 

 

 

 

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit