|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > Comhshaol > Dlí Comhshaoil a Chur i bhFeidhm > Dó Fásra | ||
Dó FásraTraidisiún ársa agus riachtanach is ea dó fraoigh agus fásra eile i gceantair ardtalún fhéaraigh. Cuireann sé seo ar chumas feirmeoirí ardtalamh a choimeád oiriúnach do chaoirigh agus do bha. Ar an lámh eile, cuireann sé cosc ar fhorbairt scrobarnaí agus choillte. Go hidéalach, cruthaíonn sé patrún de phaistí gairdínmhéide, a chuimsíonn fraoch ard agus íseal. Tá an fraoch seo ar leas ainmhithe feirme agus fiáine. Má tá dóchán neamhrialaithe ann ag an am mícheart den bhliain ní bhíonn ann ach fraoch gearr, gan aon chlúdach d'fhiadhúlra. Má éiríonn an fraoch gearr ina fhraoch ard, is féidir le tine dul tríd an gceantar ar nós na gaoithe – rud a chuireann coillte i mbaol. De réir an dlí, tá dóchán fásra teoranta anois don tréimhse idir 1 Meán Fómhair agus 28/29 Feabhra. Tá sé seo i gceist chun díothú neadacha éanlaith a sheachaint chomh maith le fíordhamáiste do phlandaí. Nuair a mharaíonn dóchán an-te an fraoch san earrach nó sa samhradh, tá baol ann go dtiocfaidh raithneach ann ina áit. Is féidir leis an rud céanna a tharlú le dóchán ag an am in aice le raithneach seanbhunaithe – is féidir leis an raithneach teacht ann in áit an fhraoigh lagaithe. |
||
| Add | Edit | ||