Ceist atá trí Thine!
Tá dramhaíl á dó ag go leor úinéirí tithe, gnóthaí agus feirmeoirí inár gContae. Go traidisiúnta, bhain an saghas dó le bainistíocht dramhaíola; ní bhaineann sé, áfach, níos mó. Ar na laethanta seo níl sé inghlactha in aon chor, mar bagairt dár gcomhshaol agus dár shláinte is ea é.
Clúdaíonn "dó sa chlós cúil," don chuid is mó, aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
- Dramhaíl tí a dhó i mbairille nó i gcarn nocht sa chlós nó sa ghairdín.
- Loisceoir baile nó gairdín a ceannaíodh in ionad DFÉ a úsáid chun an dó a dhéanamh.
- Dramhaíl tí a dhó i dtine oscailte, ar shorn nó in áis bhreosla sholadaigh eile.
- Dramhaíl tráchtála a dhó in áitreamh gnó.
- Dramhaíl a dhó ar shuíomhanna tógála.
Cén Fáth Nach Cead É Seo a Dhéanamh?
Ní sroichidh aon tine sa chlós cúil ach teocht íseal go leor; ní bhfaighfidh sé mórán ocsaigine agus déanfaidh sé go leor deataigh. Cruthaíonn dóchán neamhrialaithe ag teocht íseal fotháirgí tocsaineacha agus baolacha, ar nós dé-ocsainí – ní díothaíonn an tine iad ach éiríonn siad aerbheirthe ar cháithníní súiche agus, i ndeireadh na dála, déanann siad dochar dár sláinte.
Tá dó sa chlós cúil mídhleathach. Cion is ea é faoi dhá acht éagsúil:
An tAcht um Bainistiú Dramhaíola, 1996
"Ní cead ag duine fáil réidh le dramhaíl ar mhodh ar dócha truailliú comhshaoil a dhéanamh."
An tAcht um Thruailliú Aeir, 1987
"Níl aon iallach ar áititheoir aon fhoirgnimh seachas teach príobháideach (níl loingeáin agus gairdíní san áireamh), níl aon iallach air/uirthi dul i ngleic le truailliú aeir."
"Ní ligfidh áititheoir aon fhoirgnimh aon chur amach ón bhfoirgneamh sin, ar aon mhéid nó ar aon mhodh, ní ligfidh sé/sí dó éirí ina núis."
Comhshaol Sláintiúil – Daoine Sláintiúla
Cosnaíonn cur de láimh dramhaíola ó do theach nó ó do ghnó, cosnaíonn sé sin airgead agus tá méid áirithe daoine inár gcontae ag roghnú airgead a spáráil ach a ndramhaíl a dhó. Cur chuige gearr-radharcach is ea é seo agus beidh fadhbanna a bhaineann leis an tsláinte i gceist leis go fadtéarmach.
Mar shampla:
- Is féidir le dó adhmaid gala lán le luaidhe a chur amach, ar féidir le daoine neamhchiontacha a análú isteach.
- Cuireann dó plaisteach a bhfuil polyvinylchlorides (PVCanna) iontu, cuireann sé sin amach aonocsaíd charbóin, dé-ocsainí agus furáin chlóirínithe; rudaí thar a bheith tocsaineach is ea iad seo, agus údar ailse is ea iad leis.
- Má tá baint agat le dó sa chlós cúil, údar is ea é seo de thinnis chinn, de mheadhrán, de mhúisiam agus d'éifeachtaí níos fadtéarmaí ar nós broincítis, eimfiséime agus cuireann sé le baol an ailse chomh maith má tá baint fhadtéarmach ag an duine leis.
- Beidh fásra atá cóngarach do dhó sa chlós cúil thíos leis an rud chomh maith; séard atá i gceist ná damáiste do dhuilleoga agus do chraobhacha, agus, is baol, cailliúint uafásach fhásra.
- Tá an baol ann chomh maith go ndéanfadh dóchán neamhrialaithe an-dochar do limistéir choille.
Réiteach na Ceiste
Is féidir leatsa mar shampla:
Táirgí a bhfuil an-iomarca pacáistithe ag baint leo a sheachaint agus pacáistiú a roghnú ar féidir leis a bheith athchúrsáilte.
Do chuid dramhaíola a scaradh agus dramhaíl inathchúrsáilte a thabhairt go dtí ceann de na hionaid athchúrsála de chuid na Comhairle.
Teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Comhshaol le haghaidh comhairle agus cabhrach mar gheall ar conas dramhaíl a laghdú.
Gan úsáid a bhaint ach as conraitheoirí chur de láimh dramhaíola a bhfuil ceadúnas bhailiúchán dramhaíola acu.
Cuimhnigh! Tá dóchán sa chlós cúil baolach agus mídhleathach – cosain do shláinte, agus seachain fíneálacha troma ach gan dramhaíl a dhó.