|
County Waterford, Ireland
|
||
![]() |
||
| You are here: Baile > Seirbhísí > Comhshaol > Dlí Comhshaoil a Chur i bhFeidhm > Rialacháin Phacáistithe | ||
Rialacháin PhacáistitheTá iallach ar na príomhtháirgeoirí, a leithéid de chomhlachtaí a chuireann níos mó ná 25 tona de dhramhaíl phacáistithe ar an margadh agus a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná €1 milliún acu, tá iallach orthu rialacháin 2003 um bainistíocht dramhaíola (pacáistiú) a chomhlíonadh. Chun na rialacháin seo a chomhlíonadh, tá dhá rogha ag na príomhtháirgeoirí: Cur chuige an fhéinchomhlíonta. Tá ar Tháirgeoirí Féinchomhlíontacha an Méid a Leanas a Chur i gCrích
Ballraíocht RepakChun éirí ina mball de Repak tá ar chomhlachtaí táille bhliantúil a íoc. Glacann Repak freagracht ar son a mball as aisghabháil agus athchúrsáil dhramhaíl phacáistithe suas le céatadán dualgais a mball. Na Rialacháin a Chur i bhFeidhmDéanann Foireann Chur i bhFeidhm na Comhairle póilíneacht ar rialacháin 2003 um phaicáistiú. Ach cuairteanna a thabhairt agus iniúchtaí a dhéanamh, spreagtar comhlachtaí a éirí ina mbaill de Repak. Tá Comhairle Contae Phort Láirge ag dul sa tóir ar roinnt chomhlachtaí chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh siad rialacháin 2003 um phaicáistiú agus faoi láthair tá sí ag lorg comhairle dhlíthiúil mar gheall ar na hiniúchtaí a rinneadh go dtí seo. Buaileann gach oifigeach chur i bhfeidhm ó gach údarás áitiúil leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus leis an Rannóg Comhshaoil ar bhonn rialta chun dul chun cinn a thabhairt bord ar bord leis an aimsir mar gheall ar chur i bhfeidhm pacáistithe. Má tá aon cheisteanna agat mar gheall ar rialacháin phacáistithe is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hElaine Hickey ag 058 21116. |
||
| Add | Edit | ||