Cuirimid ár mbuíochas in iúl do na grúpaí ar fad, idir bheag agus mhór, a ghlac páirt san fheachtas i mbliana.

Bhí rath ar an gcontae i mbliana os rud é gur ghlac thart ar 40 grúpa páirt.
Tá cúpla céad deonach amuigh ansin, agus tá an méid uafásach málaí bruscair tar éis a bheith bailithe i mbliana.

Ba mhaith le gach aon ghrúpa nach gcuirfear amú a gcuid iarrachtaí an Contae a ghlanadh suas.

Coimeád Port Láirge Glan...

Coimeád Contae Phort Láirge glan le do thoil. Is féidir le tionóiscí a tharlú de dheasca bruscair ar nós buidéal briste agus cannaí a fhágtar ina luí i limistéir phoiblí. Ar an lámh eile, tarraingíonn bruscar bia cuileoga agus francaigh, créatúir a scaipeann galair. Is féidir le gach aon duine cabhrú – má fheiceann tú aon rud, abair rud éigin.

Limistéir atá ag Éirí ina mBaill Dhubha Bhruscair

Timpeall na Scoile
Le linn dom roinnt cuairteanna a thabhairt ar scoileanna glasa an chontae i gcaitheamh na gcúpla bliain seo a d'imigh tharainn tá na daltaí tar éis léiriú dom an mhian atá acu timpeallacht scoile shaor ó bhruscar a bheith acu. Tugann siad faoi deara áfach go dtagann bruscar uafásach timpeall na scoileanna thar oíche agus le linn deirí seachtaine de dheasca pleidhcí bruscair aineolacha nach cuma leo faoi rudaí.

Ár mBaill Scéimhe Áitiúla
Tugann deonacha a thugann a gcuid ama agus fhuinnimh an contae a dhéanamh níos glaine i gcaitheamh an Ghlantacháin Náisiúnta Earraigh chomh maith leo siúd a bhfuil baint acu leis na Bailte Slachtmhara, tugann an bheirt dream seo cur síos uafásach dúinn faoin mbruscar gránna a dtagann siad air agus iad i mbun a ndualgas, ar nós clúidíní, toitíní, "glan amach an carr" chomh maith le fuílligh phicnicí agus chóisirí – iad go léir fágtha i mbaill scéimhe. Níl sé seo inglactha in aon chor agus léiríonn sé drochmheas ar siúd a mhaireann sna pobail atá thíos leis an drochiompar seo.

Cad is Féidir a Dhéanamh?

Ma fheiceann tú aon rud, abair rud éigin.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le:
An Comhordaitheoir um Ghearáin Chomhshaoil
An Oifig Chur i bhFeidhm Comhshaoil
Comhairle Contae Phort Láirge
Na hOifigí Cathartha
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Guthán: 058 21113 nó 058 22000 (lasmuigh d'uaireanta oifige
Ríomhphost: environmentalcomplaints@waterfordcoco.ie
Beolíne bruscair: 1800 201 501

  • Smaoinigh go slachtmhar
  • Pioc rudaí suas
  • Tóg roinnt bhruscair abhaile leat
  • Labhair amach!
  • Glac páirt

Le haghaidh breis eolais, déan teagmháil le hAnne Murphy, An Oifig d'Oideachas Um Chomhshaol, Comhairle Contae Phort Láirge, Na hOifigí Cathartha, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge. Guthán: 058 22040 Ríomhphost: amurphy@waterfordcoco.ie

wai-aa Valid CSS! Valid XHTML 1.0 Transitional browsealoud_logo
Excellence through Accessibility Committed Award Privacy Logo Sitemap Logo Share/Bookmark
Add | Edit